9 ¶ Agus do ġlac Samuel luḃán diúil, agus do íoḋbair é mar ofráil loisge uile don TIĠEARNA: agus do éiġ Samuel air on TTIĠEARNA ar son Israel; agus déist an TIĠEARNA ris.
Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Gioḋ go seasfaḋ Maoise agus Samuel am ḟiaḋnuisi, ṫairis sin nior ḃféidir minntinn do ḃeiṫ leis an muinntirsi: teilg amaċ as mo raḋarc íad, agus éirġidís amaċ.
A nuáir do ḃéurṫar bulog, nó cáora, nó gaḃar, ann sin biáiḋ seaċd lá faói na maṫair; agus ó noċdṁaḋ lá agus uaḋ sin amaċ géuḃṫar é mar ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.
Do ġuiḋ misi ar a naḋḃarsin an TIĠEARNA, agus a duḃairt mé, A TIĠEARNA a Ḋé, ná mill do pobal agus hoiġreaċd, noċ no ḟúascuil tú led ṁórḋaċd, noċ ṫug tú amaċ as a Négipt lé láiṁ láidir.
Agus déana altóir dot ṪIĠEARNA Día ar ṁullaċ na cairgesi, ann sa náit ḋáingin, agus glac an dara ḃulóg, agus cfráil íoḋbuirt loisge le cunnaḋ na coilleaḋ noċ ġéarrfas ṫú síos.
¶ Agus a núair do éirġeadar muinntir na caiṫreaċ go moċ ar ṁaídin, feaċ do ḃí altóir Ḃáal ar na teilgion síos, agus do gearraḋ síos an ċoill do ḃí láiṁ ría, agus do híoḋbraḋ an dara ḃulóg air a naltóir do ṫógḃaḋ.
Agus raċaiḋ tú síos roṁamsa go Gilgal; agus, féaċ, tiucfá misi siós ċugad, dofráil ofrala loisge, agus díoḃairt íoḋbarṫa ofrala sióṫċána: seaċd lá ḟanfas tú go tti misi ċugad, agus go ttaisbeanuiḋ mé ḋuit créd ḋéanfas tú.
Naċ é fóġṁar na cruiṫneaċda a niuġ? guiḋfiḋ misi an TIĠEARNA, agus cuirfiḋ sé tóirneaċ agus fearṫuinn; ċor go ttuigfiḋe agus go ḃfáicṫi gur mór ḃur gcionta, noċ do rinneaḃair a laṫair an TIĠEARNA, a níarruiḋ ríġ ḋíḃ féin.
Agus a duḃairt Samuel, Cionnus ḟéaduimsi dul ann? má ċlum Saul é, muirfiḋ sé mé. Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Beir colpaċ leaċd, agus abair, Ṫáinic mé do ḋéanaṁ íoḋbarṫa don TIĠEARNA.
Agus tóigfe mé súas daṁ féin sagart lán dfirinne, noċ ḋéanas do réir mar atá ann mo ċroiḋe, agus ann minntinn: agus tóigfe mé tiġ daingion dó; agus siuḃoluiḋ sé roiṁe mo ungṫaċ go bráṫ.
Agus do ḟreagradarsan iad, agus a duḃradar, Atá, féaċuiḋ; atá sé roṁuiḃ: déanuiḋ deiṫfir anois, óir ṫaínig sé a niuġ don ċaṫruiġ; óir atá féasta don ṗobal a niuġ annsa náit áird: