Do bféidir go ccluinfeaḋ an TIĠEARNA do Ḋíase bríaṫra Rabsáceh, noċ do ċuir ríġ na Hassíria a ṁaiġistir do ṁasIuġaḋ an Dé ḃí, agus go naiṫḃeoruiḋ sé na bríaṫra do ċúala an TIĠEARNA do Ḋíase: uímesin tóg súas hurnaiġ ar son a nfuiġill do fágḃaḋ.
Ar son Ṡíon ní ḃiáiḋ mé am ṫoċd, agus ar ġráḋ Iérusalem ní ċoisgfe mé, nó go ndeaċuiḋ a ḃfíreantaċd amaċ aṁuil déalruġaḋ, agus a slánuġaḋ aṁuil tóirse air lasaḋ.
Aċt más faiġe íad, agus má atá bríaṫar an TIĠEARNA léo, déanaidis anois eadarġuiḋe ċum TIĠEARNA na slóġ, ċor naċ ttíaġaid na sóiġṫiḋe do fágḃaḋ a ttiġ an TIĠEARNA, agus a ttiġ ríġ Iúdah, agus ann Ierusalem, don Ḃabilóin.
Agus a dúḃradar ris an ḃfáiġ Ieremiah, Guiḋmid ṫú, tuiteaḋ ar ngearán ad laṫair, agus guiḋ air ar son ċum an TIĠEARNA do Ḋía, eaḋon ar son a nfuiġillsi uile; (óir níor fágḃaḋ aguinn aċd beagán do ṁórán, mar do ċíd do ṡúile sinn:)