Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 7:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ċruinniġeadar a ḃfoċair a ċéile go Mispeh, agus do ṫairngeadar uisge, agus do ḋoirteadar amaċ é a laṫair an TIĠEARNA, agus do ṫroisgeadar an lásin, agus a duḃradar annsin, Do ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA. Agus do rinne Samuel breiṫeaṁnus ar ċloinn Israel a Mispeh.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 7:6
47 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus Mispah: óir a duḃairt sé, Déunaḋ an TIĠEARNA faire eadrum agus tú, a nuáir ḃéam gan ḃeiṫ a láiṫair a ċéile.


Oír caiṫfiom bás dfulang, agus atámaóid mar uisge do ḋóirtfiḋ ar an dtalaṁ, naċ féidir do ċruinniuġaḋ a ris; agus ní ṁeasann Día pearsa, tar a ċéile: giḋeaḋ do ní sé sliġe, naċ scriosfuiḋe a ḋíbearṫaċ uaḋ.


Giḋeaḋ má ċuiṁniġid orra féin annsa tír a mbéarṫar a láiṁ íad, agus ma níd aiṫriġe, agus ma ċuirfid a ngearán ċugadsa a ttír na muinntire rug léo a láiṁ íad, ġa ráḋ, Do ṗeacuiḋeamar, agus do rinneamar éigceart, do rinneamar go holc;


Agus do ḃriseadar an triúr tré ṡlúaġ na ḃṗilístineaċ, agus do ṫairrngeadar uisge as tobar Ḃet‐lehem, noċ do ḃí láiṁ ris an ngeata, agus do ġlacadar é, agus ṫugadar ċum Dáiḃi é: aċd níor ḃáill lé Dáiḃi a ól, aċd a ḋórtaḋ amaċ don TIĠEARNA.


Agus do ġaḃ eagla Iehosaṗat, agus do leíg é féin díarruiḋ an TIĠEARNA, agus dfuagair sé troscaḋ air feaḋ Iúdah uile.


Uime sin do ṡeaċuid tusa íad a láiṁ a náṁad, noċ do ġortuiġ íad: agus a naimsir a naindeisi, a nuáir do éiġeadar ortsa, do ċúala tú ó ḟlaiṫeas íad; agus do réir iomaid do ṫrócaire ṫug tú luċd caḃarṫa ḋóiḃ, noċ do ṡáor íad as láiṁ a náṁad.


Is tarcuisneaċ lem ċáirdiḃ mé: aċt atáid mo ṡúile ág dórtaḋ déur ċum Dé.


Oír ṫig mo uċḃaḋaċ súil iṫim, agus mo núalġuḃa ar na ndórtaḋ amaċ aṁuil uisceaḋa.


Féuċuiḋ sé ar na daóiniḃ, agus má deir áonduine, Do ṗeacuiḋ mé, agus do ċuir mé an ceart ar ccúl, agus ní ḋéarna tarḃa ḋaṁ;


Féuċ, atáim truáilliġ; cred ḟreagorus mé ḋuit? leacfa mé mo láṁ air mo ḃéul.


Uimesin gráinim riom féin, agus do nim aiṫreaċus a ccriaiḋ agus a luáiṫ.


Do ṗeacuiġeamar lé ar naiṫriḃ, do rinneamar cionta, do rinneamar neiṫe coiripe.


Silid sroṫa uisgeaḋ as mo ṡúiliḃ, do ḃríġ naċ ccoiṁéadaid do ḋliġeaḋ.


Dob íad mo ḋéora mo ḃíaḋ do ló agus doiḋċe, an feaḋ a deirṫear riom go láeṫeaṁuil, Cáit a ḃfuil do Ḋía?


Atáim tuirseaċ lem ċneaduiġ; air feaḋ na hoiḋċe cuirim mo leaba ar snáṁ; fliuċuim miomḋuiġ lem ḋéaruiḃ.


Cuiriḋ ḃur ndóiġ ann a ccoṁnuiġe; siḃsi a ḋaoine, dóirtiġe amaċ ḃur ccroiḋe dá laṫair: isé Día is dídion ḋúinn. Selah.


Go deiṁin tar éis mfillte, do ḃí aiṫreaċus orum, agus tar éis mo ṫeagaisce do ḃuáil mé ar mo ċeaṫraṁuin: do ḃí mé náireaċ, a seaḋ, fós do ḃí mé claóiḋte, do ḃríġ gur iomċuir mé masla móige.


Agus tárla annsa ċúigeaḋ blíaḋain do Iehoiacim ṁac Iosiah ríġ Iúdah annsa náoṁaḋ mí, gur ḟúagradar trosgaḋ a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA don ṗóbal uile ann Ierúsalem, agus do nuile ṗobal ṫáinic ó ċaiṫreaċaiḃ Iúdah go Hierúsalem.


Oh, naċ uisgeaḋa mo ċeann, agus naċ tobar déur mo ṡúile, ċor go nguilfinn do ló agus doíḋċe ar son marḃ inġine mo ḋaóine!


Dfailliġeadar mo ṡúile le déoruiḃ, atáid minniġe buáiḋearṫa, do dóirteaḋ maéġe air an ttalaṁ, ar son aiḋṁillte inġine mo ḋaóine; do ḃríġ go nanḃfainiġid an ċlann agus na naóiḋin a sráidiḃ na caiṫreaċ.


Dóirtiḋ mo ṡúil síos, agus ní scuirionn sí, gan ċosg ar biṫ.


Do ṫuit an ċoróin ó ar cceann: is trúaġ ḋúinn, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar!


¶ An ttaigeora tusa air a son, a ṁic an duine? an mbéara tú breiṫeaṁnus orra? taḃair orra gráineaṁlaċt a naiṫreaḋ daiṫniuġaḋ:


Cluiniġ so, a ṡagarta; agus tugaiḋ aire, a ṫiġ Israel; agus éisdiġ, a ṫiġ an ríġ; óir atá ḃreiṫeaṁnus ċugaiḃ, do ḃríġ go raḃaḃair ḃur líon air Ṁispah, agus ḃur bpaintéur leagṫa air Ṫábor.


¶ Uimesin fós anois, a deir an TIĠEARNA, Filliḋsi ċugamsa maille re ḃur nuile ċroiḋe, agus le trosgaḋ, agus lé gul, agus lé dóḃrón:


Agus biáiḋ so na statúid go bráṫ aguiḃ: ḃur nanmanna do ċráḋ ar an seaċdṁáḋ mí, ar an deaċṁaḋ lá don ṁí, agus ní ḋéantáoi obair ar áonċor, más do ḃur ttír féin é, no coiṁṫiḋeaċ ċoṁnuiġeas ḃur measg:


Má adṁuid siád a neagceart, agus éacceart a naiṫreaḋ, maille ré na sáruġaḋ léur ṡáruiġeadar a maġaiḋsi, agus mar an gcéadna gur ṡiuḃluiġeadar contrárḋa ḋaṁ;


Fíréoċaid mé agus raċaiḋ médionnsuiġe maṫar, agus déaruiḋ mé ris, A aṫair, do ṗeacaiġ mé a naġaiḋ neiṁe agus ad ḟíaḋnuisisi,


¶ Agus déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Do ṗeacuiġeamairne ad aġaiḋ, do ċionn gur ṫréigiomar aráon ar Ndía féin, agus gur aḋramar Báalim mar an gcéadna.


¶ Agus a duḃradar clann Israel ris an TTIĠEARNA, Do ṗeacuiġeamar: déana rinn mar do ċíṫear maiṫ ḋuit féin; aṁáin, guiḋmid ṫú, sáor inn a niuġ.


Agus tárla, a núair do laḃair aingeal an TIĠEARNA na briaṫraso ré cloinn Israel uile, gur ṫógḃadar an pobal a uguṫ súas, agus gur ġuileadar.


Agus do ċúadar clann Israel súas agus do ġuileadar a laṫair an TIĠEARNA go tráṫnóna, agus díarradar coṁairle ar an TTIĠEARNA, ḋá raḋ, An raċa misi súas a rís ċum caṫa a naġaiḋ ċloinne Beniamin mo ḋearḃraṫair? Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Téiġiḋ súas ná aġaiḋ.


¶ Ann sin do ċuadar clann Israel uile, agus an pobal uile, súas, agus tangadar go tiġ Dé, agus do ġuileadar, agus do ṡuiġeadar annsin as coinne an TIĠEARNA, agus do ṫroisgeadar an lá sin go tráṫnona, agus dofráladar íoḋbairt loisge agus ofrala síoṫċána a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA.


Agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA air, agus do ḃreaṫnuiḋ sé an Israel, agus do ċúaiḋ amaċ do ḋéanaṁ cogaiḋ: agus ṫug an TIĠEARNA Ċusan‐risataim ríġ Ṁesopotámia ann a láiṁ; agus do búaḋuiġ a láṁ a naġaiḋ Ċusanrisataim.


Agus do ḟreagair Hannah, agus a duḃairt, Ní heaḋ, a ṫiġearna, aċd bean acá ḃfuil a spiorad doilġiosaċ mé: níor iḃ mé fíon nó deoċ láidir, aċd do ḋóirt mé manam amaċ a laṫair an TIĠEARNA.


¶ Agus do ġoir Samuel an pobal a ccionn a ċéile go Mispeh ċum an TIĠEARNA;


Agus do éiġṁeadar ċum an TIĠEARNA, agus a duḃradar, Do ṗeacuiġeamar, do ḃríġ gur ṫréigeamar an TIĠEARNA, agus gur aḋramar Báalim agus Astárot: aċd a nois sáor sinn as láṁuiḃ ar náṁad, agus do ḋéanam seirḃís duit.


¶ Agus do rinne Samuel breiṫeaṁnus air Israel ar feaḋ láeṫe a ḃeaṫa uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ