Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 7:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus a duḃairt Samuel, Cruinniġiḋ Israel uile go Mispeh, agus guiḋfiḋ misi ar ḃur son ċum an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 7:5
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uime sin annois aisig don ḟior a ḃean; óir is faiḋ é, agus guiḋfiḋ ar do ṡon, agus bíaiḋ tú beó: agus muna aisiogṫa tú í, bíoḋ a ḟios agad go ḃfuiġe tú bás go deiṁin, ṫú féin agus an ṁeid ġaḃus leaċd.


Agus Mispah: óir a duḃairt sé, Déunaḋ an TIĠEARNA faire eadrum agus tú, a nuáir ḃéam gan ḃeiṫ a láiṫair a ċéile.


Agus an tan do ċúaladar caiptíniġ na slóġ uile, íad féin agus a muinntir, go ndéarna ríġ na Babilóine uaċdarán do Ġedaliah, ṫangadar ċum Gedaliah go Mispah, eaḋon Ismael mac Netaniah, agus Iohanán mac Careáh, agus Seraiah mac Tanhumet an Netoṗatíteaċ, agus Iaasaniah mac an Ṁaaċatitiġ, íad féin agus a ndaóine.


Anois annsa ċeaṫraṁaḋ lá ḟiṫċiod don ṁí do ċruinniġeadar clann Israel do ṫroscaḋ, maille re saicéaduiġiḃ, agus cré orra.


Annsin do ċuáiḋ Ieremiah go Gedaliah ṁac Ahicam go Mispah; agus do ċoṁnuiḋ sé iona ḟoċair a measc na ndaóine do fágḃaḋ annsa tír.


Cluiniġ so, a ṡagarta; agus tugaiḋ aire, a ṫiġ Israel; agus éisdiġ, a ṫiġ an ríġ; óir atá ḃreiṫeaṁnus ċugaiḃ, do ḃríġ go raḃaḃair ḃur líon air Ṁispah, agus ḃur bpaintéur leagṫa air Ṫábor.


Cruinniġiḋ an pobal, náoṁuiġ an coṁṫionnal, coṁġuiriḋ na sinsir, cruinniġiḋ an ċlann, agus an ṁéid iḃios an ċíoċ: éirġioḋ an fear núaḋṗósta amaċ as a ṡeomra, agus an ḃean núaḋṗósda amaċ as a cúil.


¶ Ann sin do ċruinniġeadar clann Ammon a ccean a ċéile, agus do rinneadar campa a Ngílead. Agus do ċruinníġeadar clann Israel íad féin a gcionn a ċéile, agus do rinneadar campa a Mispeh.


An sin do ċúadar clann Israel uile amaċ, agus do ċruinniġeadar an coṁċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile aṁuil éanduine aṁáin, ó Ḋan go Beerséba, maille ré tír Ġilead, ċum an TIĠEARNA a Mispeh.


¶ Agus do ġoir Samuel an pobal a ccionn a ċéile go Mispeh ċum an TIĠEARNA;


Naċ é fóġṁar na cruiṫneaċda a niuġ? guiḋfiḋ misi an TIĠEARNA, agus cuirfiḋ sé tóirneaċ agus fearṫuinn; ċor go ttuigfiḋe agus go ḃfáicṫi gur mór ḃur gcionta, noċ do rinneaḃair a laṫair an TIĠEARNA, a níarruiḋ ríġ ḋíḃ féin.


Os a ċionn sin ar mo ṡonsa, nár léigiḋ Día go ndéanuinn peacaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA an sgur do ġuiḋe ar ḃur son: aċd múinfiḋ mé ḋíḃ an tsliġe ṁaiṫ ḋíreaċ:


Ann sin do ṫóg Samuel cloċ, agus do ṡuiġiḋ í eidir Ṁispeh agus Ṡen, agus do ġoir Eben‐eser dainm ḋi, ġa ráḋ, Go nuige so do ċuidiġ an TIĠEARNA sinn.


Agus do imṫiġeaḋ ó ḃlíaḋain go blíaḋain ar ċuáirt‐timċill go Bétel, agus Gilgal, agus Mispeh, agus do nioḋ sé breiṫeaṁnus ar Israel ann gaċ áit ḋíoḃ sin.


Ann sin do ċuireadar Israel uáṫa Báalim, agus Astárot, agus daḋradar an TIĠEARNA aṁáin.


¶ Aċ níor ṫaitin an ċúis re Samuel, a nuáir a duḃradar, Taḃair ríġ ḋúinn dar ríaġlaḋ. Agus do ġuiḋ Samuel an TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ