Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 7:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Ann sin do ċuireadar Israel uáṫa Báalim, agus Astárot, agus daḋradar an TIĠEARNA aṁáin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 7:4
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċionn gur ṫréigiodar mé, agus gur áḋradar Astarot baindía na Sidónianaċ, Ċémos diá na Moabíteaċ, agus Milcom día ċloinne Ammon, agus nar ṡiuḃluiġeadar ann mo ṡliġṫiḃsi, do ḋéanaṁ an neiṫe is ceart ann mo raḋarc, agus mo reaċda do ċoiṁéud agus mo ḃreṫeaṁnuis, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.


Oír do ċuáiḋ Solaṁ a ndiáiġ Astarot baindia na Sidónianaċ, agus a ndiáiġ Ṁilcom aḋḟuaṫṁuireaċd na Namoríteaċ.


Agus marsin má ḟillid ċugadsa le na nuile croiḋe, agus le na nuile anam, a ttír a náṁad, noċ rug leó a láiṁ íad, agus go nguiḋfid ċugadsa a leiṫ ré na ndúiṫċe féin, noċ ṫug tú dá naiṫriḃ, ris an caṫruiġ do ṫoġ tú, agus ris an tiġ do ṫóg misi dot aínm:


¶ Tuilleaṁ fós, a naltoír do ḃí a Mbétel, agus a náit árd do rinne Ieroboam ṁac Nébat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ, a naltóir aráon agus a náit árd do ḃrís sé síos, agus do loisg a náit árd, agus do rinne lúaiṫreaḋ ḋí, agus do loisg an garrán.


Ní ċáoṁnoċaiḋ Assur sinn; ní ḋéanam marcuiġeaċt air eaċaiḃ: ní mó a déaram ní is mó le hobair ar láṁ, Is siḃsi ar ndéne: óir is ionnadsa do ġeiḃ an dílleaċda trócaire.


A déara Eṗraim, Créd atá agam ré a ḋéanaṁ ní is mó ré hioḋaluiḃ? do ċúaluiḋ mé, agus dairiġ mé é: is cosṁuil mé ré crann ġlas giuṁais. Is uáimse fríṫ do ṫoraḋsa.


Agus do rinneadar clann Israel olc a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do rinneadar seirḃís do Ḃáalim:


Agus do ṫréigiodar an TIĠEARNA, agus do aḋradar Báal agus Astárot.


¶ Agus do laḃair Samuel re tiġ Israel uile, ḋa ráḋ, Má ḟilltí ċum an TIĠEARNA maille ré ḃur gcroiḋṫiḃ go hiomlán, ann sinn cuiriḋ úaiḃ na dee coiṁiṫeaċa agus Astárot as ḃur measc, agus ullṁuiġiḋ ḃur gcroiḋṫe ċum an TIĠEARNA, agus déanuiḋ seirḃís dósan áṁáin: agus sáorfuiḋ sé siḃ as láiṁ na Ḃṗilistineaċ.


Agus a duḃairt Samuel, Cruinniġiḋ Israel uile go Mispeh, agus guiḋfiḋ misi ar ḃur son ċum an TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ