Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 7:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 ¶ Agus do laḃair Samuel re tiġ Israel uile, ḋa ráḋ, Má ḟilltí ċum an TIĠEARNA maille ré ḃur gcroiḋṫiḃ go hiomlán, ann sinn cuiriḋ úaiḃ na dee coiṁiṫeaċa agus Astárot as ḃur measc, agus ullṁuiġiḋ ḃur gcroiḋṫe ċum an TIĠEARNA, agus déanuiḋ seirḃís dósan áṁáin: agus sáorfuiḋ sé siḃ as láiṁ na Ḃṗilistineaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 7:3
40 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin a duḃairt Iacob ré na ṁuinntir, agus ré a raiḃ na ḟoċair uile, Cuiriḋ uáiḃ na deé coiṁiġṫeaċa atá eadruiḃ, agus bíġí glan, agus aṫruiġiḋ ḃur néudniġe:


Do ċionn gur ṫréigiodar mé, agus gur áḋradar Astarot baindía na Sidónianaċ, Ċémos diá na Moabíteaċ, agus Milcom día ċloinne Ammon, agus nar ṡiuḃluiġeadar ann mo ṡliġṫiḃsi, do ḋéanaṁ an neiṫe is ceart ann mo raḋarc, agus mo reaċda do ċoiṁéud agus mo ḃreṫeaṁnuis, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.


Agus marsin má ḟillid ċugadsa le na nuile croiḋe, agus le na nuile anam, a ttír a náṁad, noċ rug leó a láiṁ íad, agus go nguiḋfid ċugadsa a leiṫ ré na ndúiṫċe féin, noċ ṫug tú dá naiṫriḃ, ris an caṫruiġ do ṫoġ tú, agus ris an tiġ do ṫóg misi dot aínm:


Aċt biáiḋ eagla ḃur TTIĠEARNA Día féin oruiḃ; agus sáorfuiḋ sé siḃ as laiṁ ḃur nuile náṁad.


¶ Tuilleaṁ fós, a naltoír do ḃí a Mbétel, agus a náit árd do rinne Ieroboam ṁac Nébat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ, a naltóir aráon agus a náit árd do ḃrís sé síos, agus do loisg a náit árd, agus do rinne lúaiṫreaḋ ḋí, agus do loisg an garrán.


Anois socruiġiḋ ḃur ccroiḋṫe agus ḃur nanam díarruiḋ ḃur TTIĠEARNA Dé; éirgiḋ ar a naḋḃarsin, agus ullṁuiġiḋ sanctoir an TIĠEARNA Dé, do ṫaḃairt aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus ṡoiṫeaċ náoṁṫa Dé, don tiġ do ḋéantar dainm an TIĠEARNA.


¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.


Ṫairis sin fríṫ neiṫe maiṫe ionnad, mar do scriós tú na garraín as an ttír, agus gur uṁluiġ tú do ċroiḋe díarruiḋ Dé.


Giḋeaḋ níor cuireaḋ na háite árda ar ccúl: óir níor ullṁuiġeadar na daoine a ccroiḋṫe fos do Ḋía a naiṫreaḋ.


Dá nullṁuiġionn a ċroiḋe díarruiḋ Dé, an TIĠEARNA Día a aiṫreaḋ, dá mbeiṫ naċ bíaḋ glan do réir ġlanta na sanctóra.


Is on TTIĠEARNA, ṫig ullṁuġaḋ an ċroiḋe annsa duine, agus freagra na teangṫa.


Tréigeaḋ an droċduine a ṡliġe, agus an duine neiṁḟíréanta a smuaintiġṫe: agus filleaḋ sé ċum an TIĠEARNA, agus do ḋéana sé trócaire air; agus ċum ar Ndénne, óir maiṫfiḋ sé go líonṁar.


Agus do ḃéara mé croiḋe ḋóiḃ dom aiṫniuġaḋ, gur mé an TIĠEARNA: agus béid na bpobal agamsa, agus biáiḋ misi am Ḋía acasan: óir fillfid síad ċugam maille re na nuile ċroíḋe.


Féadfuiḋe go ccluinfeaḋ tiġ Iúdah a nuile olc dar ṫionscuin misi do ḋéanaṁ ḋóiḃ; ċor go ḃfillfidis gaċ uile ḋuine ó na ḋroiċṡliġe; ċor go maiṫfinnsi a néigceart agus a bpeacaḋ.


Ma ḟilleann tú, a Israel, a deir an TIĠEARNA, fill ċugamsa: agus má ċuireann tú do ġráineaṁlaċd uait as mo raḋarcsa, annsin ní ċoirreoċa tú.


¶ Uimesin abair ré tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA, Déanuiġ aiṫriġe, agus iompóiġiḋ siḃ féin ó ḃur nioḋaluiḃ; agus filliḋ ḃur naiġṫe ó ḃur nuile ġráineaṁlaċtaiḃ.


¶ Teilgiḋ seaċad uáiḃ ḃur nuile ċoirṫe, ler ċiontuiġeáḃair; agus déanuiḋ ḋíḃ féin croiḋe núaḋ agus spiorad núaḋ: óir cred as a néugfuiḋe, a ṫiġe Israel?


Oh a Israel, fill ċum an TIĠEARNA do Ḋía; óir ṫuit tú lead éigceart.


Druidiḋ an pubalsa leamsa lé na mbéul, agus onóruiġid me lé na bpusuiḃ; aċd ċeana is fada úaim atá a gcroiḋe.


A duḃairt Iósa ris annsin, Imṫiġ roṁad, a ċaṫuiġṫeóir: óir átá sgrioḃṫa, Onórfuiḋ tú an Tiġearna do Ḋiá féin, agus a dó na áonar do ḋéuna tú seirḃís.


Ní héidir lé neaċ air biṫ seirḃis do ḋéunaṁ do ḋa ṫiġearna: óir bíaiḋ fúaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ don duine eile; nó ceangallfuiġ sé do neaċ aca, agus do ḃéuraiḋ sé tarcuisne ar an dara ḟear. Ní héidir liḃ seirḃis do ḋéunaṁ do Ḋía agus do ṁammon.


Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ris, Imṫiġ úaim, a Ṡátain: óir a tá sgríoḃṫa, Do ḋéana tú do Ṫiġearna Día féin daḋraḋ, agus is dó na áonar do ḋénna tú seirḃís.


Is Spiorad Día: agus an dream aḋras é as éigin dóiḃ a aḋra a spioraid agus a ḃfírinne.


Bíoḋ eagla an TIĠEARNA do Ḋía ort; is dó ḋéanas tú seirḃís, agus is dó aḋarfus tú, agus isé a ainm ṁionnoċus tú.


Siuḃoltaoi a ndiáiġ an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus biáiḋ a eagla oruiḃ, coiṁéadfuiḋe a aiṫeanta, agus uiṁleoċtaói dá ġuṫ, agus do ḋéantaói serḃís dó, agus greamoċuiġe ḋe.


Aċd má ġuiḋeann tú an TIĠEARNA do Ḋía as sin, do ġeaḃa tú é, má íarrann tú od uile ċroiḋe agus od uile anam é.


Biaiḋ eagla an TIĠEARNA do Ḋía ort, agus do ḋéana tú seirḃís dó, agus mionnoċaiḋ tú ann a ainmsion.


Agus leaṫ Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caiṫreaċa do rioġaċd Og a Mbásan, noċ do ḃain re cloinn Ṁaċir ṁíc Manasseh, eaḋon do leaṫ ċloinne Maċir do réir a mumtear.


Annois ar a naḋḃarsin bíoḋ eagla an TIĠEARNA oruiḃ, agus foġnaiḋ ḋó a ngloine agus a ḃfírinne: agus cuiriḋ uáiḃ na dée dar ġéilleadar ḃur naiṫre don taóiḃ oile don tuile, agus annsa Negipt; agus déanuiḋ serḃís don TIĠEARNA.


Annois uimesin, ar seision, cuiriḋ uáiḃ na dée coiṁiḋṫeaċa atá eadruiḃ, agus iompoíġiḋ ḃur gcroiḋe ċum an TIĠEARNA Día Israel.


Agus do ċuireadar úaṫa na deé coiṁiṫeaċa ó ḃeiṫ na measc, agus daḋradar an TIĠEARNA: agus do ḃí doilġios ar a anum san tré ḃoċduine Israel.


¶ Agus do rinneadar clann Israel olc á rís a raḋarc an TIĠEARNA, agus do aḋradar Báalim, agus dée Sídon, agus dée Ṁóab, agus dée ċloinne Ammon, agus dée na Ḃṗilistineaċ, agus do ṫréigiodar an TIĠEARNA, agus ní ḋéarnadair serḃís do.


Agus do rinneadar clann Israel olc a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do rinneadar seirḃís do Ḃáalim:


Agus do ṫréigiodar an TIĠEARNA, agus do aḋradar Báal agus Astárot.


Agus do ċuireadar a arm a ttiġ Astárot: agus do ċeangladar a ċorp do ḃalla Ḃet‐sán.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ