¶ Agus do éirġeadar súas ar maidin go moċ, agus do aḋradar a laṫair an TIĠEARNA, agus do ḟilleadar, agus tangadar ḋá ttiġ go Rámah: agus do ḃí Elcanah ag a ṁnaoi Hannah; agus do ċuiṁniġ an TIĠEARNA uirre.
Agus do ċúadar an pobal uile go Gilgal; agus do rinneadar ríġ do Ṡaul ann sin a laṫair an TIĠEARNA a Ngilgal; agus annsin do ioḋbradar ióḋbarṫa ofrála síoṫċána a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA; agus ann sin do rinne Saul agus clanna Israel uile gáirdeaċus mór.
¶ Anoís déug Samuel, agus do ċaóineadar Israel uile é, agus do aḋlaiceadar é a Rámah, eaḋon iona ċaṫruiġ féin. Agus do ċuír Saul ar síuḃal an drong agá mbídís leannáin síṫ, agus luċd na bpiséog as an ttír amaċ.
Agus do ḟreagradarsan iad, agus a duḃradar, Atá, féaċuiḋ; atá sé roṁuiḃ: déanuiḋ deiṫfir anois, óir ṫaínig sé a niuġ don ċaṫruiġ; óir atá féasta don ṗobal a niuġ annsa náit áird: