Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 7:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus na caiṫreaċa do ḃeanadar na Ṗilistiniġ do Israel do haisigeaḋ Dísrael íad, ó Ecron go nuige Gát; agus a ccóstaḋa sin do ḃuáin Israel as láṁuiḃ na Ḃṗilistineaċ. Agus do ḃí síoṫċáin idir Israel agus na Hamoritiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 7:14
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois tárlá na ḋiaiġ so, gur ḃúail Dáiḃi na Ṗilistiniġ, agus gur ċláoiḋ sé iad, agus do ḃean Gát agus a bailte amaċ as láiṁ na Ḃṗilistineaċ.


Níor ṁilliodar na cineaḋaċa, da ttáoḃ a ttug an TIĠEARNA aiṫne ḋóiḃ:


Aítreaḃuid na Hamelecitiġ annsa ḃfearann táoḃ ó ḋeas: agus na Hititiġ, agus na Iebusítiġ, agus na Hamorítiġ, áitreaḃas ar a tsliaḃ: águs na Canaanitiġ áitreḃas láiṁ ris an ḃfairge, agus láiṁ ré leiṫimeal Iordáin.


Agus scriosfaiḋ tusa a nuile ṗobal ṫoirḃeorus an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit; ní ḃía trúaiġe ag do ṡúil dóiḃ: ní mó ḋéanas tú serḃís da ndéeiḃ; óir bíaiḋ sin mar ḋul ort féin.


Agus a nuáir do ḃéara an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit íad; buáilfe tú íad, agus scriossuiḋ tú íad ṫríd a maċ; ní ḋéana tú cunraḋ air biṫ riú, nó trócaire do ṫaisbeanaḋ ḋóiḃ:


Ar a náḋḃarsin do ċruinniġeadar cúig ríġṫe na Namoriteaċ íad féin a cceann a ċeile, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis, ríġ Eglon, agus do ċúadar súas, iad féin agus a slóiġ uíle, agus do ċoṁnuiġeádar a naġuiḋ Gibeon, agus do rinneadar cogaḋ na haġaiḋ.


Agus do ċuáiḋ an téora amaċ re táoḃ Ecron buḋ ṫuaiġ: agus do táirngeaḋ an téora go Sicron, agus ráinic ar fad go slíaḃ Baalah, agus do ċúaiḋ amaċ go Iabneel; agus do ḃádar a dula amaċ na teorann ag an ḃfairge.


¶ Giḋeaḋ do ṫeiṫ Sisera ar a ċosuiḃ go lóistín Iael bean Heber an Ceniteaċ: óir do ḃí sioṫċáin idír Iabin riġ Hásor agus tiġ Héber an Ceniteaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ