12 Ann sin do ṫóg Samuel cloċ, agus do ṡuiġiḋ í eidir Ṁispeh agus Ṡen, agus do ġoir Eben‐eser dainm ḋi, ġa ráḋ, Go nuige so do ċuidiġ an TIĠEARNA sinn.
Giḋeaḋ tug Día coḃáir ḋaṁ, agus do ṡeas mé gus a niu, ag déunaṁ fíaḋnuise don mbeag agus don mor, gán éainní a ráḋ ḋaṁ aċd na neiṫe a duḃradar na fáiḋe agus Maóisi do ḃeiṫ ċum teaċda:
¶ Agus do ċuir Iosua ḋá ċloiċ ḋéag na seasaṁ a lár Iordan, san náit ar ṡeasadar cosa na sagart do iomċuir airc an ċunarṫa: agus atáid ansin gus a niuġ.
Agus ṫáinic bríaṫar Ṡamuel go Hisrael uile. Anois da ċúadar Israel ċum caṫa amaċ a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ, agus do ṡuiġeadar re taoḃ Ebeneser: agus do rinneadar na Ṗilistiniġ foslungṗort ann Aṗec.