21 ¶ Agus do ċuireadar teaċda go muinntir Ċíriat‐Iárim, ga ráḋ, Ṫugadar na Ṗilistiniġ airc an TIĠEARNA léo a rís; tigiḋsi a nuás, agus beiriḋ ċugaiḃ í.
Agus déiriġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ guna raiḃ maille ris dá ṁuinntir ó Ḃaal‐Iúdah, do ṫaḃairt airce Dé a núas as sin, noċ ainmniġear tré ainm ṪIĠEARNA na slóġ, noċ ċoṁnuiġeas idir na ċerubiniḃ.
Agus do ḃí fós óglaċ do ṫairrgir a nainm an TIĠEARNA, Uriah ṁac Semaiah do Ċiriat‐iearim, noċ do ṫairġir a naḋuiġ na caíṫreaċso agus a naġaiḋ na tíreso do réir uile ḃríaṫra Ieremiah:
Agus do táirrngioḋ an téora ó ṁullaċ an ċnuic go nuige tobar uisge Neṗtoah, agus do ċuáiḋ amaċ go caiṫreaċaiḃ ṡléiḃe Eṗron; agus do ṫáirngeaḋ an téora go Báalah noċ ar bé Ciriat‐Iarim:
Agus do tairrngeaḋ an téora as sin, agus do ṫimċill sí coirneal na fairge buḋ ḋeas, ón ċnoc atá as coinne Ḃeṫóron buḋ ḋeas; agus do ḃádar a dula amaċ sin ag Ciriat‐baal, (noċ ar bé Ciriat‐iearim), caṫair lé cloinn Iúdah: do buḋ í so an ċeaṫraṁ ṡíar.
Agus do ġluáisiodar clann Israel ar a naġuiḋ, agus tangadair dá gcaiṫreaċaiḃ an treas lá. A nois dob íad a ccaiṫreaċa Gibeon, agus Ceṗirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.
Agus do ċúadar súas, agus do ṡuíġeadar a Gcíriat‐Iearim, ann Iúdah: ar a naḋḃarsin do ġoireadar do náitsin Mahaneh‐Dan gus a niuġ: féaċ, atá sé táoḃ ṡíar do Ċíriat‐Iearim.