Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 6:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus síad so na hemeróid órḋa noċ dfilleadar na Ṗilistiniġ ċum an TIĠEARNA mar ofráil ṡáruiġ; ar son Asdod a háon, ar son Ġasa a háon, ar son Ascelon a háon, ar son Ġat a háon, ar son Ecron a háon;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 6:17
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ná hinnis a Ngát é, ná foillsiġ é a sráidiḃ Ascélon; deagla go ndéanaidís inġeana na Ḃṗilistineaċ luáṫġáire, deagla go ndéanaidís inġeana na neṁṫimċiilgearrṫaḋ caiṫréim.


Don naiṫeaċ a Ngát do rugaḋ an ceaṫrarsa, agus do ṫuiteadar lé láiṁ Ḋáiḃi, agus lé láiṁ a ṡearḃḟogantuiġeaḋ.


Agus do ṫuit Ahasiah sios tré laitís a ṡéomra úaċdaraċ do ḃí a Samária, agus do ḃí sé tinn: agus do ċuir teaċda úaḋ, agus a duḃairt ríu, Eirigiḋe, fiafruiġiḋ do Ḃaal‐sebub dia Ecron an ttiucfa mé ón ttinnios so.


Agus do ċúaiḋ sé amaċ agus do ċoguiḋ sé a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ, agus do ḃrís sé síos balla Ġát, agus balla Iabneh, agus balla Asdod, agus do rinne sé caiṫreaċa timċioll Asdod, agus a measc na Ḃṗilistíneaċ.


Agus na daóine cumaisc uile, agus uile riġṫe ṫíre Us, agus uile ríġṫe ṫíre na Ḃṗilistíneaċ, agus Ascelon, agus Assah, agus Ecron, agus fuiġioll Asdod,


Agus muna ttí ḋé úan do ṫaḃairt leis, annsin do ḃéura sé ḋá ċolum túrtuire les ar son an ṗeacuiḋ do rinne sé, nó ḋá ċolum óga ċum an TIĠEARNA; áon mar ofráil ṗeacaiḋ, agus an dara mar ofráil loiscṫe.


¶ Mar so a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Gása, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola me íad: do ḃríġ go rugadarleó a láiṁ na braiġde go hiomlán, dá seaċadaḋ do Edom:


Imṫiġiḋ siḃsi go Calneh, agus feuċuiḋ; agus éirġiḋe as sin go Hemat mór: annsin imṫiġiḋ síos go Gát na Ḃṗilistineaċ: an féarr íad náid na rioġaċtasa? nó an mó a tteórainn ná ḃur tteóruinnsi?


Buailfiḋ an TIĠEARNA ṫú lé neascóidiḃ na Hégipte, agus leis na heamoroidiḃ, agus leis na gearbuiḃ, agus le toċus, da naċ féadfuiġear do leiġios.


Mar an ccéadna do ġaḃ Iudah Gása maille re na cósduiḃ, agus Ascelon maille re na cóstuiḃ, agus Ecron maille re na cóstuiḃ.


¶ Agus ṫáinic spiorad an TIĠEARNA air, agus do ċúaiḋ sé síos go Hascelon, agus do ṁarḃ sé tríoċad fear ḋíoḃ, agus do ġlac a néadáil, agus ṫug sé culaiḋ éaduiġ don luċd do ḟúascuil an ċeist. Agus do haḋnaḋ a ḟearg, agus do ċuáiḋ sé súas gó tiġ a aṫar.


Ansin do ċúaiḋ Samson go Gasa, agus do ċonnairc meirdreaċ ann sin, agus do ḃí aice.


¶ Aċ do ġaḃadar na Ṗilistiniġ é, agus do ḃeanadar a ṡuile as, agus rugadar síos go Gasa é, agus do ċeangladar é le boltuiġiḃ praís; agus do ḃí sé ag meilt a ttiġ an ṗríosúin.


Agus do ġaḃadar na Ṗilistiniġ aírc Dé, agus tugadar ó Eben‐eser go Hasdod í.


¶ Uimesin do ċuireadar airc Dé go Hecron. Agus tárla, mar ṫáinic aire Dé go Hecron, gur éiṁġeadar na Hecronítíġ, ḋá ráḋ, Ṫugadar timċioll airc Dé Israel ċuguinne dar marḃaḋ, agus do ṁarḃaḋ ar muinntire.


¶ Do ċuireadar teaċda úaḋa ar a naḋḃarsin agus do ċruinníġeadar tiġearnaḋa na Ḃṗilistíneaċ uile ċuca, agus a duḃradar, Cred do ḋéanam re háirc Dé Israel? agus do ḟreagradarsan, Beirṫear airc Dé Israel fá gcuáirt go Gát. Agus do rugadar aírc Dé Israel fa gcuáirt don náit sin.


An sin a duḃradarsan, Cred é an nofráil ṡáruiġ noċ ḟillfiom ċuige? Do ḟreagradarsan, Cúig emeróid óir, agus cúig luċa óir, do réir uiḃre ṫiġearnaḋ na Ḃṗilistineaċ: do ḃríġ gurob aonṗláiġ do ḃí oruiḃ uile, agus ar ḃur ttiġearnuiḋiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ