O Ṡihor, noċ atá as coinne na Hégipte, air fad go himliḃ Ecron buḋ ṫúaiḋ, noċ áirṁiṫior do na Canaanítiḃ: cuig Tiġearnuiġ na Ḃfilistineaċ; na Gasatitiġ, agus na Hasdotítiġ, na Hescalonítiġ, na Gittitiġ, agus na Hecronítiġ; mar an gcéadna na Haḃitiġ:
Agus tangadar tiġearnuiḋe na Ḃḟilistíneaċ ċuice, agus a duḃradar ría, Meall é, agus féaċ cáit a ḃfuil a neart mór, agus ciondus ḟéadfuimne buáiḋ do ḃreiṫ air, ċor go ḃféadfam a ċeangal da ṗíanaḋ: agus do ḃéaram ḋuit gaċ aon aguinn áoinċéaddéag píosa airgid.
Mar atá, cúig tiġearna na Ḃfilistíneaċ, agus na Canaanítiġ uile, agus na Sidónianuiġ, agus na Hiḃitiġ do áitriḃ a slíaḃ Lebanon, ó ṡlíaḃ Baalhermon go nuige dul a steaċ go Hámat.
¶ Uimesin do ċuireadar airc Dé go Hecron. Agus tárla, mar ṫáinic aire Dé go Hecron, gur éiṁġeadar na Hecronítíġ, ḋá ráḋ, Ṫugadar timċioll airc Dé Israel ċuguinne dar marḃaḋ, agus do ṁarḃaḋ ar muinntire.
Agus do ġaḃadar na ba an ráon direaċ go slíġe Ḃet‐semes, agus do imṫiġeadar ar feaḋ na sliġeaḋ móire, ag géimniġ mar do imṫiġeadar, agus níor ċasadar do leaṫ taóiḃ ar an láiṁ ḋeis nó ċlé; agus do ċúadar tiġearnuiḋ na Ḃṗilistineaċ na ndiáiġ go brúaċ Ḃet‐semes.
An sin a duḃradarsan, Cred é an nofráil ṡáruiġ noċ ḟillfiom ċuige? Do ḟreagradarsan, Cúig emeróid óir, agus cúig luċa óir, do réir uiḃre ṫiġearnaḋ na Ḃṗilistineaċ: do ḃríġ gurob aonṗláiġ do ḃí oruiḃ uile, agus ar ḃur ttiġearnuiḋiḃ.