13 Agus do ḃádar muinntir Ḃetsemes ag buáin a ḃfóġṁair cruiṫneaċda annsa ġleann: agus do ṫógḃadar a súile súas, agus do ċonncádar a náirc, agus do ġaḃ lúaṫġaire íad tré na faicsin.
Agus táiníc an téora timċioll ó Ḃaalah táoḃ ṡíar go slíaḃ Seir, agus ráinic ar fad go táoḃ ṡléiḃe Iearim (noċ annois is Ċesalon), don taóiḃ ó ṫuáiġ, agus ċuáiḋ síos go Bet‐semes, agus ráinic as sin go Timnah:
Agus do ġaḃadar na ba an ráon direaċ go slíġe Ḃet‐semes, agus do imṫiġeadar ar feaḋ na sliġeaḋ móire, ag géimniġ mar do imṫiġeadar, agus níor ċasadar do leaṫ taóiḃ ar an láiṁ ḋeis nó ċlé; agus do ċúadar tiġearnuiḋ na Ḃṗilistineaċ na ndiáiġ go brúaċ Ḃet‐semes.
Agus ṫáinic an ċairt go maċaire Iosua, Bet‐semíteaċ, agus do stad ann sin, mar a raiḃ cloċ ṁór: agus do scoilteadar maideaḋa na cartaċ, agus do ofráladar na ba dofráil loisge don TIĠEARNA.