Agus a duḃairt seision ris, Ata a ḟios ag mo ṫiġearna go ḃfuilid na leiniṁ máoṫ, agus na tréada agus na sealḃaḋa ré hóga agamsa: agus má ṫiomáinid daóine go hiomarcaċ íad a néanló, ġeaḃuiḋ an tréad uile bás.
Agus tárla ar an seaċdṁaḋ uáir, go nduḃairt sé, Féuċ, atá néull beag ag éirġe as an ḃfairge, cosṁuil ré láiṁ ḋuine. Agus a duḃairt seision, Imṫiġ súas, abair re Ahab, Ullṁuiġ do ċarbad, agus imṫiġ síos, ċor naċ ttoirmioscfuiḋ an nfearṫuinn ṫú.
Agus feaċuiḋ, má ġaḃann sí súas a sliġe a cósta féin go Bet‐semes, ann sin sé do rinne an tolc mórsa ḋúinne: aċd muna ngaḃa, annsin aiṫeanam naċ í a laṁsan do ḃuáil sinn; aċt gur cinneaṁuin ṫáinig orruinn.