Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 5:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 ¶ Do ċuireadar teaċda úaḋa ar a naḋḃarsin agus do ċruinníġeadar tiġearnaḋa na Ḃṗilistíneaċ uile ċuca, agus a duḃradar, Cred do ḋéanam re háirc Dé Israel? agus do ḟreagradarsan, Beirṫear airc Dé Israel fá gcuáirt go Gát. Agus do rugadar aírc Dé Israel fa gcuáirt don náit sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 5:8
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus Sabad a ṁac sin, agus Sutelah a ṁac sin, agus Eser, agus Eleád, noċ do ṁarḃadar muinntir Ġát do rugaḋ annsa dúiṫċe sin, do ḃríġ go ttangadar síos do ḃreiṫ a náirnéise leó.


Imṫiġiḋ siḃsi go Calneh, agus feuċuiḋ; agus éirġiḋe as sin go Hemat mór: annsin imṫiġiḋ síos go Gát na Ḃṗilistineaċ: an féarr íad náid na rioġaċtasa? nó an mó a tteórainn ná ḃur tteóruinnsi?


Agus annsa ló sin do ḋeana mé Ierusalem na cloiċ anúaluiġ do nuile ṗobal: géarrfuiġear na ccodċaiḃ gaċ a núaluiġionn íad féin leis, bíoḋ go ccruinneoċaidís daóine na talṁan a ccionn a ċéile na haġaiḋ.


O Ṡihor, noċ atá as coinne na Hégipte, air fad go himliḃ Ecron buḋ ṫúaiḋ, noċ áirṁiṫior do na Canaanítiḃ: cuig Tiġearnuiġ na Ḃfilistineaċ; na Gasatitiġ, agus na Hasdotítiġ, na Hescalonítiġ, na Gittitiġ, agus na Hecronítiġ; mar an gcéadna na Haḃitiġ:


Agus do ċuáiḋ an téora amaċ re táoḃ Ecron buḋ ṫuaiġ: agus do táirngeaḋ an téora go Sicron, agus ráinic ar fad go slíaḃ Baalah, agus do ċúaiḋ amaċ go Iabneel; agus do ḃádar a dula amaċ na teorann ag an ḃfairge.


¶ Agus do ċuáiḋ gaisgiḋeaċ amaċ as campa na Ḃṗilistíneaċ, dar ḃainm Goliah, ó Ġát, ann a raiḃ sé cuḃaid agus réise ar áirde.


¶ Agus do éirġeadar muinntir Israel, agus muinntir Iúdah, agus do ġáireadar, agus do leanadar na Ṗilistiniġ, nó go tí tú go gléann, agus go geataiġ Ecron. Agus an luċd do loiteaḋ do na Ṗilistiniḃ do ṫuiteadar síos annsa tsliġe go Saaraim, go nuige Gát, agus go nuige Ecron.


¶ Ann sin do ġoir Aċis Dáiḃi ċuige, agus a duḃairt ris, Go dearḃṫa, mar ṁairios an TIĠEARNA, do ḃí tú díreaċ, agus is maiṫ ann mo raḋarcsa do ḋul amaċ agus do ṫeaċd a steaċ am ḟoċairsi ann sa tslúaġ: óir ní ḃfúair mé olc ionnad ón ló fá ttáinic tú ċugam gus a niuġ: giḋeaḋ ni ḃfuil faḃar ag na teiġearnuiḃ ḋuit.


Mar sin do ċuireadar teaċda amaċ agus do ċruinniġeadar tiġearnuiġ na Ḃṗilistineaċ uile, agus a duḃradar, Cuiriḋ ar siuḃal airc De Israel, agus léigṫear ḋi dul dá háit féin, ċor naċ muirfiḋ sí sinne, agus ar ndaoíne: óir do ḃí díoṫlaiṫriuġaḋ ar feaḋ na caiṫreaċ uile; do ḃí láṁ an TIĠEARNA ro ṫrom ann sa náit sin.


Agus a nuáir do ċonncadar muinntir Asdod gur mar sin do ḃí, a duḃradar, Ní ḋéanaiḋ airc Dé Israel coṁnuiġe aguinne: óir atá a láṁ go doiliġ oruinn, agus air ar ndía Dágon.


Agus do ċuireadur na Ṗilistiniġ gairm ar na sagartaiḃ agus ar an luċd fáistine, gá ráḋ, Cread ḋéanam re háirc an TIĠEARNA? innisiġ ḋúinn cred lé gcuirfeam dá háit féin í?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ