7 Agus a nuáir do ċonncadar muinntir Asdod gur mar sin do ḃí, a duḃradar, Ní ḋéanaiḋ airc Dé Israel coṁnuiġe aguinne: óir atá a láṁ go doiliġ oruinn, agus air ar ndía Dágon.
Agus a duḃradar muinntir Ṗárao ris, Cá fad ḃías an fearsa na ḋul oruinn? léig do na dáoiniḃ imṫeaċd, ionnus go ndéanuid serḃís don TIĠEARNA a Ndía: naċ ḃfuil a ḟios agad fos gur milleaḋ a Négipt?
Ann sin do ġoir Ṗárao ar Ṁaóise, agus ar Aáron, agus a duḃairt, Guiḋiḋ an TIĠEARNA go mbeireaḋ sé na luisgionn uáimse agus óm ṁuinntir, agus léigfe mé don ṗobal imṫeaċd, go maḋ héidir leó ioḋbuírt do ḋéanaṁ don TIĠEARNA.
Guiḋiḋ an TIĠEARNA naċ bía ní is mó do ṫóirniġ ṁóir nó do ċloċṡneaċda; óir is lór a ndéarnaḋ, agus léigfe misi ḋíḃ imeaċ, agus ní ḟanfuiḋ siḃsi níos sía.
A deir TIĠEARNA na sloġ Día Israel, Féuċ, smaiċteoċa misi slúaġ No, agus Ṗarao, agus a Négipt, maille le na ndéiḃ, agus ré na ríġṫiḃ; eaḋon Ṗárao, agus a nuile ḋuine ḋóṫċusuiġios ann:
¶ Oír do, ḃríġ gur ċreid tú ann hoibreaċaiḃ agus ann hionnmbusaiḃ, géuḃṫar ṫusa fós: agus raċa Ċemos amaċ a mbraiġdionas maille re na ṡagartaiḃ agus re na ṗrionnsaḋuiḃ a naóinḟeaċt.
¶ Do ċuireadar teaċda úaḋa ar a naḋḃarsin agus do ċruinníġeadar tiġearnaḋa na Ḃṗilistíneaċ uile ċuca, agus a duḃradar, Cred do ḋéanam re háirc Dé Israel? agus do ḟreagradarsan, Beirṫear airc Dé Israel fá gcuáirt go Gát. Agus do rugadar aírc Dé Israel fa gcuáirt don náit sin.