5 Ar a naḋḃarsin ní ṡaltruid sagairt Ḋágon, nó aonduine dá ttig go tiġ Ḋágon air ṫáirsiġ Ḋágon ann Asdod gus a niuġ.
Annsa ló ċéadnasin smaiċteoċa mé a nuile ḋuine lingios air an ttáirsiġ, noċ líonas tiġṫe a maiġistreaċ le héigean agus lé clúanuiġ.
Agus a duḃairt caiptin ṡlóiġ an TIĠEARNA re Iosua, Scáoil do ḃróg dot ċois; óir is naoṁṫa a náit iona ḃfuil tú ad ṡeasaṁ. Agus do rinne Iosua mar sin.
Agus déiriġ a tiġearna ar maidin, agus dfosguil dorus an tiġe, agus do ċúaiḋ amaċ dimṫeaċd roiṁe: agus, féaċ, do ḃí an ḃean a leannán ar ttuitim a ndorus an tiġe, agus do ḃádar a láṁa air an tairsiġ.