Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 5:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ġaḃadar na Ṗilistiniġ aírc Dé, agus tugadar ó Eben‐eser go Hasdod í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 5:1
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫoirḃir a neart a mbraiġdionas, agus a ġlóir a láiṁ na náṁad.


Annsa ḃlíaḋain a ttáinic Tartan go Hasdod, a nuáir do ċuir Sargon ríġ na Hassíria úaḋ é, agus do ṫroid a naġaiḋ Asdod, agus do ġaḃ sé í;


¶ Fúagair ós áird a bpálásaiḃ Asdod, agus a bpálasaiḃ ċríċe na Hégipte, agus abaír, Cruinniġiḋ siḃ féin air ṡleiḃtiḃ Ṡamáriah, agus féuċuiḋ an crionċán mór iona lársin, agus an drong anróiḋteaċ iona lársin.


Aċd fríṫ Ṗilib a Nasótus: agus ag dul tríd an dtír ḋó do rinne sé an soisgéul do ṡeanmóruġaḋ do na huile ċaiṫreaċaiḃ, go teaċd ḋó go Seasáréa.


Níor fágḃaḋ éanduine do na Hanacimiḃ a ḃfearann ċloinne Israel: aṁáin a Ngása, a Ngat, agus ann Asdod, do ḟágḃaḋ daóine iontasin.


O Ṡihor, noċ atá as coinne na Hégipte, air fad go himliḃ Ecron buḋ ṫúaiḋ, noċ áirṁiṫior do na Canaanítiḃ: cuig Tiġearnuiġ na Ḃfilistineaċ; na Gasatitiġ, agus na Hasdotítiġ, na Hescalonítiġ, na Gittitiġ, agus na Hecronítiġ; mar an gcéadna na Haḃitiġ:


Agus ṫáinic bríaṫar Ṡamuel go Hisrael uile. Anois da ċúadar Israel ċum caṫa amaċ a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ, agus do ṡuiġeadar re taoḃ Ebeneser: agus do rinneadar na Ṗilistiniġ foslungṗort ann Aṗec.


Agus do ġaḃaḋ airc Dé; agus do ṁarḃaḋ, días mac Eli, Hoṗni agus Ṗinehas.


Agus a duḃairt sí, Do imṫiġ an glóir ó Israel: óir do ġaḃaḋ airc an TIĠEARNA.


Agus do ḃí airc an TIĠEARNA a geríċ na Ḃṗilistineaċ seaċt mí.


Ann sin do ṫóg Samuel cloċ, agus do ṡuiġiḋ í eidir Ṁispeh agus Ṡen, agus do ġoir Eben‐eser dainm ḋi, ġa ráḋ, Go nuige so do ċuidiġ an TIĠEARNA sinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ