Oír cuirfe mé a nois mo ṗláġa uile ar do ċroiḋe, agus ar do ṡerḃíseaċuiḃ, agus ar do ṁuinntir; ċor go mbia a ḟios agad naċ ḃfuil mo leiṫeid eile san doṁan.
Atá do ċúṁaċduiḃ aca so neaṁ do ḋúnaḋ, ionnas naċ mbíaḋ fearṫuin ann a laeṫiḃ a ḃfáiḋeadóireaċda: agus atá cúṁaċda aca ós na huisgiḋiḃ ar a niompóġ a ḃfuil, agus ar an dtalaṁ do ḃúalaḋ ré gaċ uile ġné ṗláiġe, coṁminic as áill ríu.
Bíṫi láidir, agus déanuiḋ go fearaṁuil, O a Ṗilistiniġ, ċor naċ béiṫí ḃur serḃíseaċuiḃ do na Heaḃraḋuiḃ, mar do ḃádarsan díḃse: déanuiḋ go fearaṁuil, agus troidiġ.
Agus a nuáir do ċonncadar muinntir Asdod gur mar sin do ḃí, a duḃradar, Ní ḋéanaiḋ airc Dé Israel coṁnuiġe aguinne: óir atá a láṁ go doiliġ oruinn, agus air ar ndía Dágon.