¶ Agus féaċ do ḃí Sádoc fós, agus na Leḃítiġ uile na ḟoċair, ag iomċar airce ċunarṫa Dé: agus do léigeadar airc Dé ar lár; agus do ċuáiḋ Abiatar súas, nó go ttáinic lé cáċ uile dul amaċ as an gcaṫruiġ.
Agus ṫáinic an pobal uile a níos na ḋiáiġ, agus do ḃí an pobal ag píobaireaċd lé píobuiḃ, agus do rinneadar solás maille re gáirdeaċus mór, iondus gur scoilt an talaṁ lé na ḃfuáim.
Má deir neaċ bréug, ag siuḃal annsa spioraid agus a neiṁḟírinne, ag raḋ, Tairrġirfiḋ misi ḋuit ar ḟíon agus air ḋiġ láidir; buḋ é sin féin faiġ an ṗobailsi.
¶ Marsin do ġáireadar an pobal a núair do ṡéideadar na sagairt na stuic: agus tárla, a núair do ċúaladar an pobal faaim an stuic, agus do ġáireadar an pobal lé ġáir ṁóir, gur ṫuit an balla sios ar lár, ionnus go ndeaċuiḋ an pobal súas don ċaṫruiġ, gaċ éanduine ar aġaiḋ, agus do ġaḃadar an ċaṫair.
Agus tiucfuiḋ a ccríċ, a núair do ḋéanuid fúaim ḟada le haḋairc an reiṫe, agus a núair ċluinfid fuáim an stuic, gáirfid an pobal uile lé gáir ṁóir; agus tuitfid balluiḋe na caiṫreaċ síos go lár, agus raċuiḋ an pobal suas, gaċ éanduine ar aġuiḋ go díreaċ.
¶ Agus a nuaír ṫáinic sé go Lehi, do ġáireadar na Ṗilistíniġ na aġaiḋ: agus táinic spiorad an TIĠEARNA go cuṁaċdaċ airsion, agus do ḃádar na córduiḋ do ḃí ar a láṁuiḃ mar líon do loisgfiḋ lé teiniḋ, agus do scaóileadar a ċeangail dá láṁuiḃ.
Agus a núair do ċúaladar na Ṗilistiniġ fúaim na gáire, a duḃradar, Cred fáṫ na gaíre moíresi a ḃfoslungṗort na Neaḃruiḋeaċ? Agus do ṫuigeadar gur ḃí airc an TIĠEARNA ṫáinic don ċampa.