Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 4:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Uime sin do ċuireadar na dáoine fios go Síloh, ċor go ttiuḃraidís as sin airc ċunnarṫa ṪIĠEARNA na slóġ, noċ ċoṁnuiġios eidir na ċeruḃíniḃ: agus do ḃúdar días‐mac Eli, Hoṗni agus Ṗinehas, annsin maille re háirc ċunnarṫa Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 4:4
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus féaċ do ḃí Sádoc fós, agus na Leḃítiġ uile na ḟoċair, ag iomċar airce ċunarṫa Dé: agus do léigeadar airc Dé ar lár; agus do ċuáiḋ Abiatar súas, nó go ttáinic lé cáċ uile dul amaċ as an gcaṫruiġ.


Agus déiriġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ guna raiḃ maille ris dá ṁuinntir ó Ḃaal‐Iúdah, do ṫaḃairt airce Dé a núas as sin, noċ ainmniġear tré ainm ṪIĠEARNA na slóġ, noċ ċoṁnuiġeas idir na ċerubiniḃ.


Agus do ġuiḋ Heseciah a laṫair an TIĠEARNA, agus a duḃairt, O a ṪIĠEARNA Día Israel, noċ ċoṁnuiġios eidir na ċerubíniḃ, is tusa aṁáin Día, rioġaċd an doṁuin uile; is tú do rinne neaṁ agus talaṁ.


O a aoḋaire Israel, taḃair éisdeaċd, ṫusa noċ ṫréoruiġios Ióseṗ aṁuil ṫréad; deálruiġiḋsi amaċ, noċ ṡuiġios ar na ċeruḃíniġ.


Roiṁe Eṗraim agus Ḃeniamin agus Ṁanasseh corruiḋ súas do neart, agus ttárṫuiġ sinn.


Ata an TIĠEARNA a rioġaċd; bíoḋ crioṫnuġaḋ air na poibleaċa: suiġe sé idir na ċerubíniḃ; corruiġeaḋ an talaṁ.


O a ṪIĠEARNA na slóġ, Día Israel, noċ áitreaḃus edir na ċerubíniġ, is tu an Día, ṫúsa féin aṁáin, do uile rioġaċdaiḃ na talṁan: is tú do rinne neaṁ agus talaṁ.


Anois, íarruim daṫċuinge oruiḃ, guiḋiḋ Día íondus go mbía sé grásaṁuil dúinn: is dá ḃur ttáoiḃsi ṫainicso: an mbiáiḋ suim aige ann ḃur bpearsannuiḃ? a deir TIĠEARNA na slóġ.


Agus a nuair ċríoċnoċus Aáron agus a ṁic folaċ na sanctóra, agus uile ṡoiṫiġe na sanctora, mar ḃias an campa ag gluasaċd ar aġaíḋ; tar éis sin, tiocfuid mic Ċohat dá iomċar: aċd ni ḃeanfuid re héinní beannuiġṫe, deagla a mbásuiġṫe. Ag so úalaċ ṁac Ċohat a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫé.


¶ Agus a nuair raċus an slúaġ ar a naġuiḋ, tiucfa Aáron, agus a ṁic, ugus leagfuid síos an brat foluiġe, agus foileoċuid aírc na fiaġnuisi leis:


¶ Agus a nuair do ḃi Máoise ar ndul a steaċ a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe do laḃairt rís, ann sin do ċuala sé guṫ neaċ ag laḃairt ris a maċ as caṫaoir na trócaire noċ do ḃí air airc na fiaḋnuise, ó edir an da ċeruḃin: agus do laḃair sé ris.


¶ Agus a nuair do ḃean do ċíġ é, rug sí lé súas é, maille re trí bulóguiḃ, agus eṗah ṗlúir, agus buidéul fíona, agus rug go tiġ an TIĠEARNA a Síloh é: agus do ḃí an leanaṁ óg.


Agus Ahiah, mac Ahitub, dearḃraṫair Iċaboid, ṁic Ṗineas, ṁic Elí, sagart an TIĠEARNA ó Ṡíloh, ag iomċar eṗod. Aċd ni raiḃ a ḟios ag an bpobal gur imṫiġ Ionatan.


¶ Anois do ḃí Elí ro ḟoirfe, agus do ċúalaiḋ sé a ndeárnadar a ṁic re Hisrael uile; agus mar do luiġedís ris na mnáiḃ do ċruinniġeaḋ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ