Agus tárla, a núair do ḃí Isaac foirfe, agus do raḃadur a ṡuile dorċa, ionnus naċ ḃfaiceaḋ sé, do ġoir se Esau a ṁac buḋ ṡine, agus a duḃairt ris, A ṁic: agus a duḃairt seision ris, Féuċ, atáim annso.
Agus do rinne bean Ieroboam mar sin, agus déiriġ, agus do ċuáiḋ go Síloh, agus ṫáinic go tiġ Ahiiah. Aċd níor ḃféidir le Ahiiah éinní dfaicsin; óir do ḋruideadar a ṡúile tre ṁéad a aóise.
Láeṫe ar mbliaḋna is deiċ mbliaḋna agus trí fiṫċid íad; agus má ḃid tre neart ceiṫre fiṫċid, is sáoṫar agus dioṁaoineas a neart; oir géarrṫar amaċ é go deiṫniosaċ, agus teiṫmíd roṁuinn.
Agus a nuáir do ċuáluiḋ Eli fúaim na ccoṁarc, a duḃairt sé, Cred is cíall dfúaim na coṁḋálasa? Agus ṫaínic an tóglaċ a steaċ go deifreaċ, ḋá innse do Eli.