11 Agus do ġaḃaḋ airc Dé; agus do ṁarḃaḋ, días mac Eli, Hoṗni agus Ṗinehas.
Giḋeaḋ do ċuireadar caṫuġaḋ agus do ḃrostuiġeadar an Día is ro áirde, agus níor ċongṁadar a ḟíaḋnuisiġ:
Do ṫuiteadar a sagairt ris an ccloiḋeaṁ; agus níor ġuileadar a mbaintreaḃaċa.
A ṁairg don ċiontaċ! óir is olc ḃeiṫior aigesion: óir do ḃéarṫar lúaċ sáoṫair a láṁ féin dó.
Aċt éirġiḋe anois dom áitsi noċ do ḃí a Siloh, mar ar ṡuiġiḋ mé mainm an ċéaduáir: agus féuċuiḋ cred do rinne mé ann ar son uilc mo ṗobail Israel.
Féaċ, tiucfaid na láeṫe, go ngearrfa misi do láṁ ḋíot, agus láṁ tiġe haṫar, iondus naċ biaiḋ seanduine ann do ṫiġ.
Agus do ċífe tú náṁuid ann mo ṫiġsi, annsa nuile ṡaiḋḃrios noċ do ḃéaras Día Dísrael: agus ní ḃiáiḋ seanduine ann do ṫiġsi go bráṫ.
Agus bíáiḋ so na ċoṁarṫa agad, noċ ṫiucfas ar do ḋías mac, ar Hóṗni agus ar Ṗinehas; éagfuid aráon a néanló.
Annsa ló sin críoċnoċuiḋ mé a naġaiḋ Eli, a nuile ní dar láḃair mé a ttaoḃ a ṫiġe: a núair ṫoíseoċus mé, déana mé críoċnuġaḋ mar an gcéadna.
Agus ṫug sí Iċabód dainm air an leanaṁ, ga ráḋ, Dimṫiġ an glóir ó Israel: do ċionn gur gaḃaḋ airc Dé, agus ar son a cleaṁna, agus a fir.