¶ Agus a duḃairt an ríġ ré Abiatar an sagart, Imṫiġsi go Hanatot, dot ṁaċairiḃ féin; óir do ṫuill tú bás: aċt ni ċuirfe misi ċum báis a núairse ṫú, do ḃríġ gur iomċair tú aírc an TIĠEARNA Día roiṁe Ḋáiḃi maṫair, agus do ḃríġ gur ḟulaing tú anṡóġ an gaċ áit ar iomċair maṫair auṡóġ.
Cionnas do ċúaiḋ se a sdeaċ a dtiġ Dé an tan do ḃí Abiaṫar na árdṡagart, agus do iṫ sé arán na fíaḋnuisi, naċ ar ċeaduiġeaċ diṫe aċd do na sagartuiḃ, agus fós tug sé é don dréim do ḃí maille ris?
Uimesin dfíafruiġeadar don TIĠEARNA a rís, An ttiucfaḋ an tóglaċ fós ċuca. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA, Féaċuiḋ, dfoluiġ sé é féin a measc na caráiste.
Agus tárla, an fad do ḃi Saul ag coṁráḋ ris an tsagart, go raiḃ an tarmán do ḃi a slúaġ na Ḃṗilistíneaċ ag dul ar aġaiḋ agus gur ṁéaduiġ sé: agus a duḃairt Saul ris an tsagart, Connuiṁ do láṁ.