Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 30:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Ann sin do ṫóg Dáiḃi, agus an ṁuinntir do ḃí na ḟoċair a nguṫ agus do ġuíleadar, nó go raḃadar curṫa do ġul.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 30:4
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois an tan do ġuiḋ Esra, agus a núair do adṁuiṁ sé, ag gul agus da ṫeilgion féin ar lár a ḃfiaġnuise ṫiġe Dé, do ċruinniġ ċuige as Israel coiṁṫionól roṁór fear agus ban agus leanaḃ: óir do ċaóiḋeadar an pobal go ro ġéar.


Agus do ṫóg an pobal uile a nguṫ ós áird, agus do éiġeadar; agus do ġuileadar an pobal a noiḋċe sin.


Agus do innis Maóise na briaṫraso do ċloinn Israel uile: agus do cáoiḋeadar an pobal go mór.


Agus tárla, a núair do laḃair aingeal an TIĠEARNA na briaṫraso ré cloinn Israel uile, gur ṫógḃadar an pobal a uguṫ súas, agus gur ġuileadar.


Agus tangadar an pobal go tiġ Dé, agus dfanadar ann go nóin a laṫair Dé, agus do ṫógḃadar súas a nguṫ, agus do ġuileadar go géar;


¶ Ann sin ṫangadar na teaċda go Gibéah Ṡauil, agus do innisiodar na scéula a gcluasaiḃ an ṗobail: agus do ṫógḃadar na daóine uile a nguṫ súas, agus do ġuileadar.


¶ Annsin ṫainic Dáiḃi agus a ṁuinntir dón ċaṫruiġ, agus, feuċ, do ḃí sí loisge ó ṫeiniḋ; agus a mná, agus a mic, agus a ninġeana ar na mbreiṫ a mbraiġdeanus.


Agus a núair ṫaínic sé, féaċ, do ḃi Eli na ṡuiḋe ar stól do leaṫṫáoiḃ na sliġeaḋ ag faire; óir do ċrioṫnuiġ a ċroiḋe fá aírc Dé. Agus a núair ṫáinic an tóglaċ don ċaṫruiġ, agus dinnis sé sin, déiġṁeadar an ċaṫair uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ