24 Oír cía déistfeaḋ riḃ annsa ċúise? aċ mar ḃias cuid an té raċus síos san ċaṫ, mar sin ḃías cuid an té ḟanfus a mbun an ċaráiste: roinnfiḋ síad go coṁṫrom.
Agus do laḃair sé ríu, ga ráḋ, Filliḋ dá ḃur loistíniḃ maille re hiomád saiḋḃris, agus ro ṁóran áirnéise, maille ré hairgiod, agus lé hór, agus le prais, agus lé híarann, agus maille re róṁorán éaduiġ: roinníḋ éadáil ḃur náṁad, ré ḃur ndearḃraiṫriḃ.
Agus gaċ a raiḃ a ríaċtanas, agus gáċ a raiḃ a ḃfíaċaiḃ, agus gaċ áon dá raiḃ a mbúaiḋreaḋ, do ċruinniġeadar íad féin ċuige; go mbiaḋ sé na ċaiptín orra: agus do ḃí timċioll ċeiṫre ċéad fear na ḟoċair.
Agus a duḃairt Dáiḃi re na ṁuinntir, Cuirfiḋ gaċ éanduine aguiḃ a ċloiḋeaṁ ṫairis. Agus do ċuir gaċ áon aca a ċloiḋeaṁ ṫairis; agus do ċuir Dáiḃi mar an gcéadna a ċloiḋeaṁ ṫairis: agus do ċuáiḋ súas a ndiáiġ Ḋáiḃi timċioll ceiṫre ċéad fear; agus dfan ḋá ċéad fear ag an stór.
Annsin a duḃairt Dáiḃi, Ní ḋeanfaoisi mar sin, a ḋearḃraiṫre, ris an ní ṫug an TIĠEARNA ḋúinn, noċ do ḋídin sinn, agus ṫug an ċuideaċda ṫáinic ar naġaiḋ ann ar láṁuiḃ.