23 Annsin a duḃairt Dáiḃi, Ní ḋeanfaoisi mar sin, a ḋearḃraiṫre, ris an ní ṫug an TIĠEARNA ḋúinn, noċ do ḋídin sinn, agus ṫug an ċuideaċda ṫáinic ar naġaiḋ ann ar láṁuiḃ.
Agus a duḃairt seision, A ḃraiṫreaċa, agus a aiṫreaċa, éisdiġ; Dfoillsiġ Día na glóire é féin dar naṫair Abraham, an tan do ḃí sé sa Mésopotámia, suil do ċóṁnuiḋ sé a Gcárran,
Aċ cuiṁneoċuiḋ tú an TIĠEARNA do Ḋía: óir isé do ḃeir neart ḋuit dfaġáil saiḋḃris, go ndearna a ċunnraḋ seasṁaċ noċ do ṁionnuiġ sé da ḃur naiṫriḃ, mar atá sé a niuġ.
Agus do ċuáiḋ an tóglaċ, fear an tiġe, amaċ ċuca, agus a duḃairt riú, Ní heaḋ, a ḋearḃraiṫre, ní heaḋ, guiḋim siḃ, ná déanuiḋ an olc so; ar ḟeuċuin go dtainic an duinesi um ṫiġse, na deúnuiġ an ní leaṁsi.
¶ Annsin do ḟreagradar na droċḋaoine uile, agus muinntir Ḃélial, don druing ċuaiḋ le Dáiḃi, agus a duḃradar, Do ḃriġ naċ ndeaċadar linn, ní ṫiuḃram ḋoiḃ don néadáil do ḃeannamar fein amaċ, aċt dá gaċ éanduine a ḃean, agus a ċlann, ċor go mbéaruid siad leó iad, agus go nimṫeoċuid úainn.
Oír cía déistfeaḋ riḃ annsa ċúise? aċ mar ḃias cuid an té raċus síos san ċaṫ, mar sin ḃías cuid an té ḟanfus a mbun an ċaráiste: roinnfiḋ síad go coṁṫrom.
Agus dfiafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, A ndéana mé tóruiġeaċd ar a tslúaġ so? an mbéara mé orra? agus do ḟreagair seision é, Lean íad: óir béara tú go deiṁin orra, agus gan ċunntaḃairt beanfa tú an tiomlán díoḃ.