Agus a núair ṫáinic Iehosaṗat agus a ḋáoine do ḃreiṫ a néadála leó, fúaradar a measc na ccorp marḃ iomarcaiḋ saiḋḃris, agus seód buáḋa, (noċ do noċtadar ḋíoḃ ḋóiḃ féin), níos mó ná dféadadar diomċar: agus do ḃádar trí lá ag cruinniuġaḋ na héadála, do ḃí sí ċomórsin.
Uimesin ḃéara misi cuid ḋó a mórán, agus roinnfe sé an ċreaċ ris an ccuṁaċdaċ; do ḃríġ gur ḋóirt sé amaċ a anam ċum báis: agus gur hairṁeaḋ a measc na cciontaċ é; agus gur iomċuir sé peacuiḋe ṁóráin, agus go ndéarna sé guiḋe ar son na cciontaċ.
Agus ṫáinic Dáiḃi mar a raiḃ an da ċéad fear, noċ do ḃí coṁlag sin har ḟéadadar Dáiḃi leanṁuin, noċ air a ttug sé fós fuireaċ ag aḃuinn Besor: agus do ċuadarsan amaċ a ccoinne Ḋáiḃi, agus a ccoinne na muinntire do ḃí na ḟoċair: agus a núair ṫáinic Dáiḃi a ḃfogus don ṗobal, do ḃeannuiġ sé ḋóiḃ.
¶ Agus a núair ṫainic Dáiḃi go Siclag, do ċuir sé roinn don néadáil ċum sinnséar Iúdah, eaḋon ċum a ċarad, ġá raḋ, Féaċuiḋ ag sin tioḋlacaḋ aguiḃ do ċreíċ náṁad an TIĠEARNA;