Agus nior léig Dáiḃi fear no bean béo as díoḃ, do ḃéaraḋ sgéulá go Gát, ġá ráḋ, Deagla go ninneosaidís oruinn, ġá ráḋ, Is marsin do rinne Dáiḃi, agus is mar sin ḃías a ġnáiṫḃéas ar fad na haimsire ċoiṁneoċus sé a gcríċ na Ḃṗilistineaċ.
¶ Annsin ṫainic Dáiḃi agus a ṁuinntir dón ċaṫruiġ, agus, feuċ, do ḃí sí loisge ó ṫeiniḋ; agus a mná, agus a mic, agus a ninġeana ar na mbreiṫ a mbraiġdeanus.