17 Agus dó ḃuáil Dáiḃi íad ó éirġe an láoi go ttáinig tráṫnóna ár na ṁáraċ: agus mor imṫiġ duine ḋioḃ, aċd ceiṫre ċéad ogánaċ, do ċúaiḋ ar ċáṁalluiḃ, agus do ṫeiṫ.
Agus do éirġeadar súas go moċṫráṫ, do ḋul a ḃfoslungṗort na Sírianaċ: agus a núair ṫangadár gus an ccuid dob ḟaide amaċ do ċampa na Sirianaċ, féuċ, ní raiḃ éanduine ann sin.
Aċ do lean Bárac a ndiáiġ na gcarbad, agus a ndiaiġ an tslóiġ, go Haroset na Ngeinteaḋ: agus do ṫuit slúaġ Ṡisera uile le fáoḃar an cloiḋiṁ; agus níor fágḃaḋ duine ḋioḃ.
Agus do ḃadar na Mídianuiġ agus na Hamalecitiġ agus clann a noirṫir uile ar feaḋ an ġleanna aṁuil ḋorsain ar líonṁaireaċd; agus do ḃádar a gcáṁuill dóáirṁiġ mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge ar iomadaṁlaċd.
Agus is aṁluiḋ ḃí ar na ṁáraċ, gur ċuir Saul a ṁuinntir a ttrí gcuideaċda; agus tangadar a lár an tslóiġ a ḃfaíre na maidne, agus do ṁarḃadar na Hammonítiġ go teas an laói: agus tárla, an ṁéid do ṁair ḋíoḃ gur scaoileadar ó ċéile, go naċ raiḃ gáol deisi aca re ċéile.
Anois éiriġ agus buáil Amalec, agus léirscrios gaċ uile ní dá ḃfuil aca, agus na coigil íad; aċ marḃ an ḃean agus an fear, an leanaṁ agus naoiḋe na cíċ, an daṁ agus an ċáora, an cáṁall agus an tassal.