14 Ṫugamar ionnsuiġe ar an ttáoḃ ó ḋeas do na Ċeretíteaċaiḃ, agus ar na gcósta ḃeanas ré Iúdah, agus ar an ttáoḃ ó ḋeas do Ċáleb; agus do loisgeamar Siclag le teine.
¶ Ann sin do ċuáiḋ Sádoc an sagart, agus Nátan an fáiḋ, agus Benaiah mac Iehoiada, agus na Ċeretitiġ, agus na Peletitiġ, síos, agus do ċuireadar Solaṁ ar ṁúille Ḋáiḃi ríġ, agus ṫugadar go Gihon é.
Agus do ċuir an ríġ Sádoc an sagart leis, agus Nátan an fáiḋ, agus Benaiah mac Iehoiada, agus na Ċeretitiġ, agus na Peletitiġ, agus tugadar air dul ar ṁúille an riġ:
Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, sínfiḋ mé mo láṁ amaċ air na Ṗilistiniḃ, agus géarrfa mé as na Ċeretimiġ, agus scriosfa mé fuiġioll ċuáin na fairge.
A ṁairg do luċt áitriġṫe ċósta na fairge, cíneaḋ na Ċeretíteaċ! atá focal an TIĠEARNA ḃur naġaiḋ; a Ċanaan, a ḋúṫaiġ na Ḃṗilistinéaċ, scriosfa mé ṫusa go dearḃṫa, iondus naċ biáiḋ áitreaḃṫaċ ar biṫ ionnad.
Agus ṫug sé do Ċáleb ṁac Ieṗunneh a ċuid a measc ċloinne Iúdah do réir aiṫne an TIĠEARNA do Iosua, eaḋon caṫair Arba aṫair Anac, noċ ar ḃí an caṫair sin Hébron.
Anois do bé ainm an duine Nábal; agus ainm a ṁná Abigail: agus bá bean ḋeaġṫuigsionaċ í, agus sgíaṁaċ a ngnúis: áċd do ḃí an fear íargcúlta agus go holc iona ġníoṁarṫaiḃ; agus bá do ṫiġ Ċaleb é.
Agus tárla, a nuáir do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir ar tteaċd go Siclág ar an treas lá, gur ionnsuiġeadar na Hamalecítiġ an táoḃ ó ḋeas, agus Siclag, agus do airgeadar Siclag, agus do loisceadar í le teiniḋ;
Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Cía lear leis tusa? agus cía has a ttáinic tú? agus a duḃairt seision, Ogánaċ don Négipt mé, ṡerḃíseaċ do Amalaciteaċ; agus dfag mo ṁaiġistir mé, do ḃríġ gur ġlac tinnios mé trí la ó ṡin.
Agus a duḃairt Dáiḃi ris, An ḃféadfa tú misi ḃreiṫ síos ċum na cuideaċda sin? Agus a duḃairt seision, Taḃair do ṁionna ḋaṁ tré Ḋía, naċ muirfe tú mé, agus naċ ttiuḃra tú a láiṁ mo ṁaiġistir mé, agus do ḃéara mé sics go nuige an ċuideaċda ṫú.
¶ Agus a nuair rag sé síos é, féuċ, do ḃádar ar feaḋ na talṁan leaṫnuiġe, ag iṫe agus ag ól, agus ag daṁsa, ar son ṁéid na héadála ṫugadar léo amaċ as críċ na Ḃṗilistineaċ, agus as tír Iudah.