Agus do ċruinniġ Saul agus a raiḃ do ḋaóiniḃ na ḟoċair íad féin, agus tangadar ċum an ċaṫa: agus féaċ do ḃí cloiḋeaṁ gaċ éanduine a naġaiḋ a ċompánuiġ, agus do ḃí dioġḃáil roṁór ann.
Agus ṫáinic Dáiḃi mar a raiḃ an da ċéad fear, noċ do ḃí coṁlag sin har ḟéadadar Dáiḃi leanṁuin, noċ air a ttug sé fós fuireaċ ag aḃuinn Besor: agus do ċuadarsan amaċ a ccoinne Ḋáiḃi, agus a ccoinne na muinntire do ḃí na ḟoċair: agus a núair ṫáinic Dáiḃi a ḃfogus don ṗobal, do ḃeannuiġ sé ḋóiḃ.