Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.
Go ttáinic daóine airiġ ó Ṡeċem, ó Ṡíloh, agus ó Ṡamária, eaḋon ceiṫre fiṫċid fear, agá raḃadar a ḃféasóga beárrṫa agus a néaduiġe réubṫa, agus ar na ngearraḋ féin, maille re hofráluiḃ agus túis iona láṁuiḃ, dá ttaḃairt go tiġ an TIĠEARNA.
Agus a duḃairt seision, Eistiġ annois mo ḃríaṫra: Máta fáiḋ ḃar measc, misi an TIĠEARNA foillseoċad mé féin do a ḃfis, agus laiḃeora mé ris a naislíng.
Agus do ḋíultaḃairsi a niuġ dá ḃur Ndía, noċ gur bé féin do ṡáor siḃ ó ḃur nuile aindeisi agus ó ḃur mbuaiḋreaḋ; agus a duḃraḃair ris, Ní heaḋ, aċd cuir ríġ ós ar gcionn. Anois ar a naḋḃar sin taisbeanuiġ siḃ féin a laṫair an TIĠEARNA do réir ḃur ttreaḃ, agus do réir ḃur mílteaḋ.
Agus do ḃí an leanaṁ Samuel ag míniostralaċd don TIĠEARNA a laṫair Eli. Agus bá mórluáiġ bríaṫar an TIĠEARNA ansna laéṫiḃ sin; ní raiḃ fios ós áird ann.
Agus ṫáinic an TIĠEARNA, agus do ṡeas, agus do ġoir mar na húairiḃ oile, A Ṡamuel, a Ṡamuel. Ann sin do ḟreagair Samuel, Laḃair; oír cluiniḋ do ṡeirḃiseaċ ṫú.