Agus tárla, a núair do ḃí Isaac foirfe, agus do raḃadur a ṡuile dorċa, ionnus naċ ḃfaiceaḋ sé, do ġoir se Esau a ṁac buḋ ṡine, agus a duḃairt ris, A ṁic: agus a duḃairt seision ris, Féuċ, atáim annso.
Agus do ḋíult a aṫair, agus a duḃaírt, Atá a ḟios agam a ṁic, atá a ḟios agam, agus biaiḋ sé fós mór, aċ go deiṁin buḋ mó a ḋearḃráṫair is óige ná é, agus fásfuiḋ a ṡíol na niomad cineaḋaċ.
Agus do rinne bean Ieroboam mar sin, agus déiriġ, agus do ċuáiḋ go Síloh, agus ṫáinic go tiġ Ahiiah. Aċd níor ḃféidir le Ahiiah éinní dfaicsin; óir do ḋruideadar a ṡúile tre ṁéad a aóise.
Láeṫe ar mbliaḋna is deiċ mbliaḋna agus trí fiṫċid íad; agus má ḃid tre neart ceiṫre fiṫċid, is sáoṫar agus dioṁaoineas a neart; oir géarrṫar amaċ é go deiṫniosaċ, agus teiṫmíd roṁuinn.
Ann sa ló a ccrioṫnoċuid coiṁéaduiġṫe an tiġe, agus a ccláonfuid na daóine láidre íad féin, agus a scuirfid na meillteóiriġ do ḃríġ go ḃfuilid tearc, agus an drong ḟéuċas amaċ annsna fuinnéogaiḃ go mbíd dorċaiḋṫe,
¶ Anois do ḃí Elí ro ḟoirfe, agus do ċúalaiḋ sé a ndeárnadar a ṁic re Hisrael uile; agus mar do luiġedís ris na mnáiḃ do ċruinniġeaḋ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.