Go maḋ fada sin uaitsi a ḋéunaṁ marso, an fíréun do ṁarḃaḋ maille ris an cciontaċ: agus go mbiaiḋ an firéun mar an cciontaċ, go maḋ fada sin uaitsi: naċ déuna Breiṫeaṁ na talṁan uile ceart?
Bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad, agus foillsiġeam sinn féin ar ḃfearuiḃ ar son ar bpobail, agus ar son ċaiṫreaċa ar Ndé: agus déanaḋ an TIĠEARNA an ní is maiṫ ann a raḋarc féin.
Ann sin a duḃaírt Heseciah re Isaiah, Is maiṫ bríaṫar an TIĠEARNA noċ do laḃair tusa. Agus a duḃairt, Naċ ṁaiṫ é, má ḃíonn síoṫċáin agus fírinne ann mo laéṫiḃsi?
Bíḋi curata, agus foíllsiġiom sinn féin go fearaṁuil ar son ar ndáoine, agus ar son ċaiṫreaċa ar Ndé: agus déanaḋ an TIĠEARNA an ní is fearr ċítear ḋó féin.
Agus a duḃairt, Tárnoċd ṫáinic mé amaċ as broinn mo ṁáṫar, agus tárrnoċd ḟillfios mé ann a rís: sé an TIĠEARNA ṫug úaḋ, agus sé an TIĠEARNA rug leis; go maḋ beannuiġ ainm an TIĠEARNA.
Aċt a duḃairt seision ría, Laḃran tú mar laḃrus áon do na mnáiḃ amuideaċa. Cred so? an uglacfum maiṫ as láiṁ Dé, agus naċ géuḃam olc úaḋ? Annso uile níor ṗeacuiḋ Iób le na ḃéul.
Annsin a duḃairt Heseciah re Hisaiah, Is maiṫ briaṫar an TIĠEARNA noċ do laḃair tusa. Agus a duḃairt sé, Oír biáiḋ síoṫċain agus fírmne ann mo láeṫiḃsi.
¶ Annsin do ċuir Sedeciah an ríġ fios, agus rug sé an fáiġ Ieremiah ċuige don treas dul a steaċ atá a ttiġ an TIĠEARNA: agus a dúḃairt an ríġ ré Ieremiah, Fíafroċa mé ní ḋiot; ná ceil aoinní orum.
Ann sin a dúḃairt Ieremiah an fáiġ riú, Do ċúala mé siḃ; féuċ, guiḋfiḋ mé ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía do réir ḃur mbríaṫar; agus tiucfuiḋ a ccríċ, giḋ bé ar biṫ ni ḟreagorus an TIĠEARNA ḋíḃsi, go ḃfoillseoċa mé ḋíḃ é; ní ċoinneoċad aóinní ar ccúl uáiḃ.
Ann sin a duḃairt Maóise re Háaron, Is é so an ní do laḃair an TIĠEARNA, gá ráḋ, Biáiḋ mé náoṁṫa annsa droing ṫig a ngar ḋaṁ, agus as coinne an ṗobail uile biáiḋ glóir ḋaṁ. Agus do ṫoċd Aáron.