Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 3:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus a duḃairt sé, Cred é an ní sin a duḃairt an TIĠEARNA riot? Guiḋim ṫú ná ceil orum é: go ndéarna Día marsin riotsa, agus tuilleaṁ fós, má ċéilionn tú éinní orum do na huile neiṫiḃ a duḃairt sé riot.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 3:17
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin do ḟreagair an ríġ agus a duḃairt ris an mnaoi, Guiḋim ṫú, na ceil orum an ní ḟíafróċus mé ḋiot. Agus a duḃairt an ḃean, Laḃraḋ mo ṫiġearna an ríġ anois.


Agus abruiḋ ré Amasa, naċ dom ċnáiṁ, agus dom ḟeóilse ṫusa? Go ndéarna Día sin, agus fós níos mó rinmsa, muna raiḃ tusa ad ċaiptín an tslóiġ agamsa ċoiḋċe a náit Ióab.


Agus a nuáir ṫáinig an pobal uile dá ṫáḃairt air Ḋáiḃi bíaḋ iṫe an feaḋ do ḃí fós na lá, ṫug Dáiḃi a ṁionna, ḋá ráḋ, Déanaḋ Día mar súd riómsa, agus tuilleaṁ fós, má ḃlaisim aran, no éainní oile, nó go neaċuiḋ an ġrían faói.


Go maḋ marsin do ḋéanas Día re Habner, agus fós nios mó, mar do ṁionnuiġ an TIĠEARNA do Ḋáiḃi, muna ndéarna misi mar sin dó;


Agus a duḃairt an ríġ ris, Ca ṁéid úair ṁinneoċus mé ṫú naċ inneosa tú éinni ḋaṁ aċt an ní ḃías fírinneaċ a nainm an TIĠEARNA?


Ann sin a duḃairt sé, Go ndéarna Día marsin riomsa agus nios mo fós, má ṡeasann ceann Elisa ṁic Saṗat air a núiġ.


Buaileaḋ an fíreun mé; buḋ cineul ḋaṁ sin: fós imḋeargaḋ sé mé; buḋ ola mórlúaiġe sin, naċ brisfiḋ mo ċeann: biáiḋ fós mo ġuiḋe léo iona nanacair.


¶ Annsin do ċuir Sedeciah an ríġ fios, agus rug sé an fáiġ Ieremiah ċuige don treas dul a steaċ atá a ttiġ an TIĠEARNA: agus a dúḃairt an ríġ ré Ieremiah, Fíafroċa mé ní ḋiot; ná ceil aoinní orum.


Ann sin a dúḃairt Ieremiah an fáiġ riú, Do ċúala mé siḃ; féuċ, guiḋfiḋ mé ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía do réir ḃur mbríaṫar; agus tiucfuiḋ a ccríċ, giḋ bé ar biṫ ni ḟreagorus an TIĠEARNA ḋíḃsi, go ḃfoillseoċa mé ḋíḃ é; ní ċoinneoċad aóinní ar ccúl uáiḃ.


¶ Ann sin do ḃí Dániel, (dar bainm Beltesassar,) ar na ċrioṫnuġaḋ ar feaḋ uáire, agus do ḃuáiḋriodar a smuáintiġṫe é. Do laḃair an ríġ, agus a duḃairt, A Ḃeltesassar, na buáiḋreaḋ a naisling, nó a cíall ṫú. Do ḟreagair Belltesassar, agus a duḃairt, A ṫiġearna, bíoḋ a naisling don druing ḟúaṫuiġios ṫú, agus a cíall dot naiṁdiḃ.


¶ O ṫusa dar bainm tiġ Iácob, nar gearruiġeaḋ spiorad an TIĠEARNA? a níadso a ġníoṁa? naċ déanuid mo ḃríaṫrasa maiṫ don té ṡiuḃluiġios go hionruic?


Agus a nuáir ṫáinic sé ċuige, féuċ, do ḃí sé na ṡeasaṁ agá ofráil loiscṫe, agus prionnsuiḋe Ṁoab maille ris. Agus a duḃairt Bálac ris, Créd do laḃair an TIĠEARNA?


Giḋeaḋ níor laḃair Iósa áonḟocal. Agus do ḟreagair an tárdṡagart agus a duḃairt sé ris, Cuirim ort a huċd Dé ḃí, innisin dúinn an tú Críosd, Mac Dé.


Mar a ḃfuiġe tú bás, is ann éagfadsa, agus is annsin aḋlaicṫear mé: go ndeárna an TIĠEARNA marsin liomsa, agus fós ní is mó, má ḋealuiġionn éinní aċd bás riot mé.


Agus do ḟreagair Saul, Go ndéarna Día sin agus tuilleaṁ mar an gceadna: oir do ġeaḃa tú bás go deiṁin, a Ionatan.


Go ndéarna an TIĠEARNA mar sin, agus níos roṁó re Ionatan: aċd más í ḃus toíl dom aṫair olc do ḋeánaṁ ḋuit, ansin foillseoċa mé ḋuit é, agus cuirfe mé ar siuḃal ṫú, lé a nimṫeoċa tú a síoṫcáin: agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd, mar do ḃí sé re maṫairse.


Go ndéarna Día sin agus tuilleaṁ ré naiṁde Ḋáiḃi, ma ḟágḃuimsi don nuile ní ġaḃus leis roiṁe ṡolus na maidne áon do ṁúnfaḋ a naġaiḋ an ḃalla.)


Annsin do ġoir Eli Samuel, agus a duḃairt, A Ṡamuel, a ṁic. Agus do ḟreagair seision, Atáim annso.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ