13 Oír dinnis mé ḋó go mbéaruinn breaṫ ar a ṫiġ go bráṫ ar son a nuilc as aiṫniḋ ḋó feín; do ḃriġ go ndearnadar a ṁic íad féin malluiġ, agus nar ṫoirmisg seision íad.
Agus níor ċuir a aṫair na aġaiḋ uair ar bíṫ a ráḋ, Cred fa ndeárna tú marso? agus do ḃí seison mar an gcéadna na ḟear ro ḃreáġa; agus a ndiáiġ Absolon do rug Haggit é.
A duḃairt an ríġ fós re Símei, Is aiṫniḋ ḋuit féin a nuile olc is fios dot ċroiḋe, do rinne tú rem aṫair Dáiḃi: uime sin fillfe an TIĠEARNA holc air do ċeann feín;
O ar Ndía, naċ mbéara tú breaṫ orra? oír ní ḃfuil neart ionnuinne anaġaiḋ na buiḋne móiresi ṫig ar naġaiḋ; agus ní feas dúine créad do ḋéanam: aċt ar súil do ḃeiṫ riotsa.
Ar a naḋḃarsan do ḃéara misi breaṫ oruiḃ, a ṫiġ Israel, gaċ uile ḋuine do réir a ṡliġṫeaċ, a deir an Tiġearna DIA. Déanuiḋ aiṫriġ, agus filliḋ siḃ féin ó ḃur cciontuiḃ uile; marsin naċ biáiḋ eicceart na scrios aguiḃ.
Anois ṫáinic an críoċnuġaḋ ortsa, agus cuirfiḋ misi mfearg ort, agus do ḃéarad breaṫ ort do réir ṡliġṫeaċ, agus cuirfiḋ mé luáiġeaċt do ġráineaṁlaċta uile ort.
Múscaltar na geinte, agus tigdís a níos go gleann Iehosaṗat: óir is ann sin ṡuiġfios misi do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis na ngeinteaḋ uile timċioll fá ccuáirt.
Agus an duine do ḋéanas go heasurramaċ, agus naċ éistfiḋ ris an tsagart noċ ṡeasas ann sin do ṁiniostrálaċd a laṫair do ṪIĠEARNA Dé, nó ris an mbreiṫeaṁ, fuileonguiḋ an duine céadna sin bás: agus cuirfe tú an tolc ar siuḃal ó Israel.