10 Agus ṫáinic an TIĠEARNA, agus do ṡeas, agus do ġoir mar na húairiḃ oile, A Ṡamuel, a Ṡamuel. Ann sin do ḟreagair Samuel, Laḃair; oír cluiniḋ do ṡeirḃiseaċ ṫú.
Agus a duḃairt seision, Ní heaḋ; aċd már ċaiptín do ṡlúaġ an TIĠEARNA ṫáinic mé a nois. Agus do ṫuit Iosua ar a aġaiḋ gus an talaṁ, agus do rinne aḋra, agus a duḃairt sé ris, Cred a deir mo ṪIĠEARNA re na óglaċ?
Agus anois, féaċaiḋ, atá an ríġ ag siuḃal roṁuiḃ: agus atáimsi sean agus ceinnlíaṫ; agus, féaċuiḋ, atáid mo ṁic aguiḃ: agus do ṡiuḃail mé roṁuiḃsi óm naóiḋeantaċd gus a niuġ.
Agus do ġoir an TIĠEARNA Samuél a rís an treas uáir. Agus do éiriġ seision agus do ċuaíḋ go Héli, agus a duḃairt, Atáim annso; óir do ġoir tú orm. Agus do ṫuig Eli gur ḃé an TIĠEARNA do ġoir an leanaṁ.
Uimesin a duḃairt Eli re Samuel, Imṫiġ, luiġ síos: agus go maḋ aṁlaiḋ ḃiás, má ġoirionn sé ort, go naibeora tusa, Laḃair, a ṪIĠEARNA; óir do ċluin do ṡeirḃiseaċ. Marsin do imṫiġ Samuel agus do luiġ siós iona ionad fein.