1 Agus do ḃí an leanaṁ Samuel ag míniostralaċd don TIĠEARNA a laṫair Eli. Agus bá mórluáiġ bríaṫar an TIĠEARNA ansna laéṫiḃ sin; ní raiḃ fios ós áird ann.
Tiucfuiḋ urċóid ar urċóid, agus biáiḋ iomráḋ air iomráḋ; annsin iarrfuid síad fios air an ḃfáiġ; aċt muġoċuiḋ an dliġeaḋ on tsagart, agus coṁairle ó na sinnsiorruiḃ.
Agus tóigfe mé súas daṁ féin sagart lán dfirinne, noċ ḋéanas do réir mar atá ann mo ċroiḋe, agus ann minntinn: agus tóigfe mé tiġ daingion dó; agus siuḃoluiḋ sé roiṁe mo ungṫaċ go bráṫ.
Agus tiucfaiḋ a ccríċ, gaċ uile ḋuine dá ḃfuigfiġear ann do ṫiġsi, go ttiucfa agus go ccromfuiġ ċuige ar son ṗíosa airgid agus greama arám, agus déara sé, Guiḋim ṫú, cuir misi, a noifig éigin ḃeanas ris an tsagartaċd, go ḃféada mé greim aráin iṫe.