Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 29:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ḃádar prionnsuiḋe na Ḃṗilistineaċ féargaċ ris; agus a duḃradar prionsuiḋe na Ḃṗilistineaċ ris, Taḃair air an ḃfearso filleaḋ, go ndeaċaiḋ sé don náit do órduiġ tu ḋó, agus ná héirġeaḋ sé síos linne ċum caṫa, deagla go mbiaṫ sé ar naġaiḋ san ċaṫ: óir cred an ní lé dtuillfeaḋ sé síṫ a ṁaiġistir? naċ le ceannuiḃ na ndáoine so?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 29:4
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫuit cuid do Ṁanasseh ċum Dáiḃi, an tan ṫáinic se leis na Ṗilistiniḃ a naġaiḋ Ṡauil ċum caṫa: aċd níor ċungadar léo: óir do ċuíreadar tiġearnuiḋ na Ḃṗlistineaċ do ḃun coṁairle ar siuḃal é, ġa ráḋ, Fillfiḋ sé ċum a ṁaiġistir Saul re cunntaḃart ar cceanne.


Mar do ċuáiḋ sé go Siclag, dfill ċuige do Ṁanasseh, Adnah, agus Iosabad, agus Iediael, agus Miċáel, agus Iosabad, agus Elihu, agus Siltai, caiptíniġ na mílteaḋ do ḃí ó Ṁanasseh.


Tigiḋ uáiḃ, déanam ríu go crionna, deagla go líonfaidís, agus go ttiucfaḋ ċum criċe, an tan ṫeigeoṁaḋ cogaḋ ann, go tteannfaidis mar an gcéadna lear náiṁdiḃ, agus go ttroidfidís ar naġuiḋ, agus go raċfaidís mar sin amaċ as a tír.


Agus do ṁol an tiġearna sdíoḃard na héugcóra, do ḃriġ go ndearuiḋ sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoġailsi ná clann an tsolais iona gcinél féin.


Tuilleaṁ eile na Heaḃruiḋe do ḃí a ḃfoċair na Ḃṗilistíneaċ roiṁe sin, noċ do ċúaiḋ súas léo don ċampa fa gcuáirt, diompoiġeadar sin mar an gcéadna leis na Hisraeliteaċaiḃ do ḃí a ḃfoċair Ionatan agus Ṡauil.


Ann sin ṫug Aċis Siclag ḋó an lá sin: uime sin atá Siclag ag ríoġaiḃ Iúdah gus a niuġ.


Agus do ḟreagair Aċis agus a duḃairt re Dáiḃi, Atá a ḟios agamsa go ḃfuil tú go maiṫ am raḋarc, aṁuil aingeal Dé: giḋeaḋ a duḃradar prionnsuíḋe na Ḃṗilistineaċ, Ní raċaiḋ sé linne súas ċum an ċaṫa.


Agus tárla, a nuáir do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir ar tteaċd go Siclág ar an treas lá, gur ionnsuiġeadar na Hamalecítiġ an táoḃ ó ḋeas, agus Siclag, agus do airgeadar Siclag, agus do loisceadar í le teiniḋ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ