Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 28:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 ¶ Ann sin a duḃairt Saul re na ṁuinntir, Faġaiḋ ḋaṁ bean agá ḃfuil leannán síṫe, go ndeaċaḋ mé na ceann, dfaġáil coṁairle uaiṫe. Agus a duḃairt a ṡearḃḟoġantuiġe ris, Féuċ, atá bean agá ḃfuil leannán síṫe ann Endor.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 28:7
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an fad do ḃí sé fós ag coṁráḋ ríu, féuċ, ṫáinic an teaċdaire a núas ċuige: agus duḃairt seision, Féuċ, is ón TIĠEARNA ṫig an tólesa; cred fá mbéinnsí ag feiṫioṁ ar an TTIĠEARNA ni as faide?


¶ Mar sin déug Saul ar son a ṗeacaiḋ, noċ do rinne sé a naġaiḋ an TIĠEARNA, eaḋon a naġaiḋ ḃreiṫre an TIĠEARNA, nar coiṁéad sé, agus mar an ccéadna do ċionn coṁairle díarruiḋ ar aon agá raiḃ leannán síṫe, dfíafruiġe ḋé;


Noċ do ṫuit ag Endor: do rinneaḋ aóileaċ ḋíoḃ ċum na talṁan.


Agus failleoċuiḋ spiorad na Hégipte iona lár; agus díoḃaiġfe misi a coṁairle: agus íarrfuid siad ċum na ioḋaliḃ, agus ċum na neasarluiġṫeoiriḃ, agus ċum na druinge agá mbí leannáin síġṫe, agus ċum na ḃfaistíneaċ.


¶ Ná bíoḋ suim aguiḃ annsa druing ga mbíḋ spioraid ṁuinntearḋa, agus ná hiarruiḋ luċd fáistine, da ḃur ndéanaṁ truáilliġ léo: misi an TIĠEARNA ḃur Ndia.


Oír atá a nfis fós ċum uáire cinte, aċt fa ḋeóiġ laiḃeoruiḋ sí, agus ní ḋéana sí bréag: má atá go maḋ mall í, feiṫ uirre; do ḃríġ go ttiucfa sí go deiṁin, ní anfa sí.


Agus tárla, ag dul ḋúinn do ḋéunaṁ urnaiġe, go dtárla cailín áiriġe oruinn agá raiḃ spiorad faisdine, fuair fáḃaltus mór dá tiġearnuiḃ féin lé fáisdine do ḋéunaṁ:


Nó draói, nó fear ḋéanta coṁairle re leannan síṫ, nó faistineaċ, no duiḃelneaċ.


Agus fúair Manasseh a Nissaċar agus a Naser Betsen agus a bailte, agus Ibleam agus a bailte agus dúṫċusaiġ Dor agus a bailte, agus dúṫċusaiġ Endor agus a baílte, agus dúṫċusaiġ Taanaċ agus a bailte, agus dúṫċusaiġ Megiddo agus a bailte, trí tíorṫa.


¶ Anoís déug Samuel, agus do ċaóineadar Israel uile é, agus do aḋlaiceadar é a Rámah, eaḋon iona ċaṫruiġ féin. Agus do ċuír Saul ar síuḃal an drong agá mbídís leannáin síṫ, agus luċd na bpiséog as an ttír amaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ