4 ¶ Agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a néanáit, agus ṫangadar agus do ṡuiġeadar a Sunem: agus do ċruinniġ Saul Israel uile, agus do rinneadar foslungṗort a Ngilboa.
A ṡléiḃte Gilboa, ná raiḃ drúċd, ná fearṫuínn oruiḃ, nó maġa ofrála: óir is annsin do teilgeaḋ go tarcuisneaċ sciaṫ an ċumbaċduiġ seaċad, sciaṫ Ṡauil, mar naċ bíaḋ ungṫa le hola.
Agus a duḃairt an tógánaċ dinnis sin dó, Mar ṫárla ḋamsa do ċinneaṁuin ḃeiṫ ar ṡlíaḃ Gilboa, féuċ, do ḃí Saul na leaṫluiġe ar a ġaṫ; agus, féuċ, do leanadar na carbuid agus an marcṡlúaġ go géar na ḋiáiġ.
¶ Agus dimṫiġ Dáiḃi, agus do ṫóg cnáṁa Ṡauil agus cnáṁa Ionataín a ṁic ó ṁuinntir Iabes Gilead, noċ do ġad íad ó ṡráid Ḃetsan, mar ar ċroċadar na Ṗilistiniġ íad, a nuáir do ṁarḃadar na Ṗilistiniġ Saul a Ngilboa:
¶ Agus tárla lá éigin, gur ġaḃ Elisa ṫríd Ṡunem, mar a raiḃ bean ṁórḋa; gur ċoiṁeigniġ sí é diṫe aráin. Agus is marsin do ḃí, dá ṁionca dá ngéaḃaḋ annsin, go ttíaġ se a steaċ ann diṫe aráin.
Agus a nois do ṫroideadar na Ṗilistiniġ a naġaiḋ Israel: agus do ṫeiṫeadar muinntir Israel roiṁe na Ṗilistineaċaiḃ, agus do ṫuiteadar síos marḃ a slíaḃ Gilboa.