Ann sin a duḃairt sisi, Guiḋim ṫú, cuiṁniġeaḋ an ríġ do ṪIĠEARNA Día, ná fuiling do ḋioġaltaċ na fola nios mó do ṁarḃaḋ, deagla go muirfidis mo ṁacsa. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, ní raċuiḋ ruibe do ġruáig do ṁíc ċum na talṁan.
Oír, mar ṁaireas an TIĠEARNA, noċ ṡáorus Israel, bíoḋ gur ob ann Ionatan mo ṁacsa atá, do ġeaḃa sé bás go deiṁin. Aċd ní raiḃ duine a measc an ṗobail do ḟreagair é.
Agus a duḃairt an ḃean ris, Féuċ, is aiṫne ḋuit cred do rinne Saul, mar do scrios sé an luċd agá raḃadar leannáin síṫe, agus na draoiṫe, amaċ as an gcríċ: uimesin cred fá ḃfuil tusa ag cur lín ar manumsa, agus do ċur dfíaċaiḃ orum bás do ṫuillioṁ?