Anois íad so ṫáinic go Dáiḃi go Siclag, an feaḋ do ḃí sé fós da ċeilt féin ar eagla Ṡauil ṁic Cis: agus do ḃádar a measc na ndáoine neartṁara, luċd cuidiġ an ċogaiḋ.
Agus a duḃradar searḃḟoġantuiġe Aċis ris, Naċ é so Dáiḃi ríġ na críċe? naċ duḃradar aḃráin ó ḃéul go beul dóa ndaḃsuiḃ, ġa ráḋ, Do ṁarḃ Saul a ṁílte, agus Dáiḃi a ḋeiċ mílte?
Agus a duḃairt Dáiḃi re na ṁuinntir, Cuirfiḋ gaċ éanduine aguiḃ a ċloiḋeaṁ ṫairis. Agus do ċuir gaċ áon aca a ċloiḋeaṁ ṫairis; agus do ċuir Dáiḃi mar an gcéadna a ċloiḋeaṁ ṫairis: agus do ċuáiḋ súas a ndiáiġ Ḋáiḃi timċioll ceiṫre ċéad fear; agus dfan ḋá ċéad fear ag an stór.
Agus dfiafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, A ndéana mé tóruiġeaċd ar a tslúaġ so? an mbéara mé orra? agus do ḟreagair seision é, Lean íad: óir béara tú go deiṁin orra, agus gan ċunntaḃairt beanfa tú an tiomlán díoḃ.