12 Agus do ċreid Aċis Dáiḃi, ġa ráḋ, Ṫug sé ar a ṁuinntir féin Israel fúaṫ ṫríd amaċ do ḃeiṫ aca air; uime sin biáiḋ sé na ṡearḃḟoġantuiġ agumsa go bráṫ.
Agus a duḃairt Iácob ré Símeon, agus ré Léḃi, Do ċuireaḃair buáiḋreaḋ orum, mo ḋéanaṁ bréun a measg aitreaḃaḋ na tíre, a measg na Ccanaaniteaċ, agus a measc na Bperisiteaċ: agus gan mé aċ beagán a nuiṁir, cruinneoċuid íad féin uile am aġuiḋ, agus muirfid mé; agus sgriosfuiġer mé féin agus mo ṫiġ.
¶ Agus a núair do ċonncadar clann Ammon gur ḃréanadar a laṫair Ḋáiḃi, do ċuireadar clann Ammon teaċda úaḋa agus do ġlacadar air ṫuarusdal Sírianuiġ Ḃet‐rehob, agus Sírianuiġ Ṡóba fiṫċe míle coisiġ, agus ó ríġ Maacah míle fear, agus ó Istob ḋá ṁile ḋéug fear.
Agus a duḃradur ríu, Go ḃfeuċuiḋ an TIĠEARNA oruiḃ, agus beireaḋ breaṫ; do ċionn go ndearnaḃair ar mbolaḋ domblasda a laṫair Ṗárao agus a raḋarc a ṡerḃíseaċ, do ċur cloiḋiṁ ann a láiṁ dar marḃaḋ.
Agus do ċúala Israel uile ḋá ráḋ gur ḃúail Saul daingneaċ do na Ṗilistíniḃ, agus mar an gceadna mar do ḃadar na Hisraeliteaċ nan aṫuaṁaireaċd aig na Ṗilistineaċ. Agus do goireaḋ an pobal a gcionn a ċéile a ndíaiġ Ṡauil go Gilgal.
Agus nior léig Dáiḃi fear no bean béo as díoḃ, do ḃéaraḋ sgéulá go Gát, ġá ráḋ, Deagla go ninneosaidís oruinn, ġá ráḋ, Is marsin do rinne Dáiḃi, agus is mar sin ḃías a ġnáiṫḃéas ar fad na haimsire ċoiṁneoċus sé a gcríċ na Ḃṗilistineaċ.
Agus tárla an sna láeṫiḃsin, gur ċruinuiġ na Ṗilistíniġ a slóiġṫe a gcionn a ċeile ċum cogaiḋ, agus do ṫroid re Hisrael. Agus a duḃairt Aċis re Dáiḃi, Bíoḋ a ḟíos agad go deiṁin, go raċa tú amaċ liomsa ċum caṫa, ṫú féin agus do ṁuinntir.