I Samuel 27:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)1 Agus a duḃairt Dáiḃí iona ċroiḋe, Muirfiġear me anois lá éigin le láiṁ Ṡauil: ní ḃfuil ní ḃus féarr ḋaṁ ná imṫeaċd gó lúaṫ go dúiṫċe na Ḃṗilistineaċ; agus raċaiḋ Saul a néadoṫċus dom ṫáoḃ, gan míarruiḋ ó sin amaċ a néanċósta Disrael: agus mar sin imeoċa mé as a láṁuiḃ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus ṫug Dáiḃi a ṁionna fós, agus a duḃairt, Atá a ḟios ag haṫairsi go deiṁin go ḃfuair misi grása ann do raḋarcsa; agus a duḃairt seision, Ná bióḋ a ḟios so ag Ionatan, deagla go ngoillfeaḋ sé air: aċd go deiṁin mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanamsa, ní ḃfuil aċd coisceím eadram agus bás.
Anois ar a naḋḃarsin, guiḋim ṫú, éisdeaḋ mo ṫiġearna an ríġ briáṫra a ṡearḃḟoġantuiġ. Mas é an TIĠEARNA do ċorruiġ súas am aġaiḋsi ṫú, glacaḋ sé ofráil ċuige: aċd mas íad clanna na ndáoine, go maḋ malluiġ íad a laṫair an TIĠEARNA; oir do ḋíbreadar misi amaċ aniuġ ó ḟanṁuin a noiġreaċd an TIĠEARNA, ġá ráḋ, Eiriġ, aḋair deé oile.