Agus a duḃairt Dáiḃi, Créd ta agamsa re deanaṁ riḃse, a ċlann Ṡeruiah, go mbiaḋ siḃ a niuġ ag cur am aġaiḋ? an gcuirfiġear éanduine ċum báis a niuġ a Nisrael? óir naċ ḃfuil a ḟios agumsa go ḃfuilim féin a niuġ am ríġ ós cionn Israel?
An sin do ġlac Samuel soiṫeaċ ola, agus do ḋóirt air a ċeann é, agus do ṗóg é, agus a duḃairt, Naċ uime dungaiḋ an TIĠEARNA ṫu ċum ḃeiṫ ad ċaiptín ós cionn a oiġreaċda?
Féaċuiḋ, atáim annso: déanuiḋ fiaḋnuisi am aġaiḋ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ungṫuiḋ: Cía agaiḃ dar ḃean mé a ḋaṁ? nó cía dar ḃean mé a assal? no cía do ṁeall mé? no cía do ġortuiġ mé? nó cía hí an láṁ as ar ġlac mé cuṁa ar biṫ do ḋallaḋ mo ṡul leis? agus aiseoga mé ḋíḃ é.
Ann sin a duḃairt Abisai re Dáiḃi, Ṫug Día do náṁaid a niuġ ad láiṁ: anoís ar naḋḃarsin guiḋim ṫú, leíg ḋaṁsa a ḃúalaḋ, leis an ngaṫ go nuige an ttaláṁ déantsáṫaḋ, agus ní ḃúailfiod an dara huáir é.