Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 26:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Ann sin a duḃairt Abisai re Dáiḃi, Ṫug Día do náṁaid a niuġ ad láiṁ: anoís ar naḋḃarsin guiḋim ṫú, leíg ḋaṁsa a ḃúalaḋ, leis an ngaṫ go nuige an ttaláṁ déantsáṫaḋ, agus ní ḃúailfiod an dara huáir é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 26:8
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Ann sin a duḃairt Abisai ṁac Seruiah ris an ríġ, Cred fá malluiġionn an madraḋ marḃso mo ṫiġearna an ríġ? guiḋim ṫú, léig ḋaṁ dul anonn, agus a ċeann do ḃuáin de.


Agus nior ṫoirḃir tú mé a láiṁ mo náṁad: do ċuiris mo ċosa a nionad ḟáirsing.


Ann sin do laḃair Iohanan ṁac Careah re Gedaliah ann Mispah go seicréideaċ, ġa ráḋ, Léig ḋaṁsa imṫeaċd íarruim daṫċuinge ort, agus muirfiḋ mé Ismael ṁac Netaniah, agus ní ḃiáiḋ a ḟios ag áonduine: créd fá muirfeaḋ sé ṫusa, ċor go scaóilfiḋe na huile Iúduiġe dar ċruinniġ ċugad, agus go mbáiseoċṫaói a mairionn ann Iúdah?


Cred smuáintiġiḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA? do ḋéanuiḋ sé críoċnuġaḋ iomlán: ní éireoċuiḋ buáiḋreaḋ súas an dara huáir.


Oír do ḋúin Día íad uile a neaṁċreideaṁ, do ċum trócaire do ḋéunaṁ orrṫa uile.


Ciondus do ċlaoiḋfeaḋ éanduine míle, agus do ċuirfeaḋ días deiċ míle ċum teiṫṁe, muna reacaḋ a Ccarruicc íad, agus an TIĠEARNA da níaġaḋ suás?


Agus ṫug an TIĠEARNA suáiṁneas dóiḃ timċioll fa gcuáirt, do réir gaċ uile neiṫe dár ṁionnuiġ sé dá naiṫriḃ: agus níor ṡeas duine dá náṁuid rompa: do ṡeaċuid an TIĠEARNA a naiṁde uile ann a láiṁ.


Agus do ċúaiḋ Iudah súas; agus ṫug an TIĠEARNA na Canaanítiġ agus na Perísitiġ ann a láṁuiḃ: agus do ṁarḃadár ḋíoḃ a Mbésec deiċ míle fear.


Agus do rinne Dáiḃi coṁnuiġ san ḃfásaċ a ndaingneaċaiḃ laídre, agus dfan sé ar ṡlíaḃ a ḃfásaċ Siṗ. Agus do ḃí Saul dá íarruiḋ gaċ éanlá, aċd ní ṫúg Día iona láiṁ é.


Agus a duḃradar muinntir Ḋáiḃi ris, Féuċ an lá a duḃairt an TIĠEARNA riot, Féuċ, do ḃéara mé do náṁaid ad láiṁ, iondus go ḃféadfa tú a ḋéanaṁ ris mar as áill leaċd féin. Ann sin déiriġ Dáiḃi, agus do ġearr sé sciorta róba Ṡauil gan ḟios dó.


Agus tárla na ḋiáiġ sin gur ḃuáil cogús Ḋáiḃi é, do ḃríġ gur ġearr sé sciorta Ṡauil.


Go ccúitiġiḋ an TIĠEARNA re gaċ éanduine a ḟíréantaċd agus a ionurniceas: óir ṫug an TIĠEARNA ṫusa am láiṁsi a niuġ, aċ níor ḃáill líom mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ ungṫaiḋ an TIĠEARNA.


Marsin ṫáinic Dáiḃi, agus Abisai ċum an tslóiġ san noiḋċe: agus, féuċ, do ḃí Saul na ċoḋlaḋ a stiġ san tréinnse, agus a ġaṫ na ṡeasaḋ san talaṁ agá aḋairt: agus do ḃí Abner agus an slúaġ na luiḋe ar gaċ táoḃ ḋe.


Agus a duḃairt Dáiḃi re Abisai, Ná marḃ é: óir cía ḟéadus a láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ úngṫuíḋ an TIĠEARNA, agus ḃeiṫ neiṁċiontaċ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ