Agus do ċuir Iosua mac Nun días fear amaċ as Sitim do ḃraṫ go secreideaċ, gá ráḋ, Eirġiḋe measuiḋ an dúiṫċe, eaḋon Ieriċo. Agus do imṫiġeadar, agus tangadar go tiġ meirdriġ, dar ḃainm Rahab, agus do ḟosadar ann sin.
Agus do ċampuiġ Saul a ccnoc Haċilah, noċ atá as coinne Iesimon, láíṁ ris an tsliġe. Aċ do ċoṁnuiḋ Dáiḃi annsa ḃfásaċ, agus do ċonnairc sé go ttáinic Saul na ḋiáiġ san ḃfásaċ.
¶ Agus déiriġ Dáiḃi, agus ṫáinic gus a náit ar ṡuiġe Saul a ċampa: agus do ċonnairc Dáiḃi a náit ar luiġ Saul, agus Abner ṁac Ner, caiptín a ṡlóiġ: agus do luíḋ Saul annsa ttrinnse, agus an slúaġ a ccampa air gaċ éantáoḃ ḋe.