3 Agus do ċampuiġ Saul a ccnoc Haċilah, noċ atá as coinne Iesimon, láíṁ ris an tsliġe. Aċ do ċoṁnuiḋ Dáiḃi annsa ḃfásaċ, agus do ċonnairc sé go ttáinic Saul na ḋiáiġ san ḃfásaċ.
¶ Ann sin tangadar na Siṗítiġ súas go Saul go Gibeáh, ġá ráḋ, Naċ ḃfuil Dáiḃi aguinne ḋá ḟolaċ féin a náitíḃ daingne annsa ċoill, a ccnoc Haċilah, noċ atá don taóiḃ ó ḋeas do Iesimon?
Agus ṫainic sé do na tiġṫiḃ cáoraċ láiṁ ris an tsliġe, mar a raiḃ uáiṁ; agus do ċuáiḋ Saul a steaċ dfolaċ a ċos: agus do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir a ttaoḃ na húaṁa.